Déanann Oifig an Rialálaí formhaoirseacht chomhsheasmhach réamhghníomhach ar oibriú an Chrannchuir Náisiúnta ar bhealaí éagsúla: tuarascálacha a mheasúnú, ceisteanna a chur, leasanna imreoirí a chur chun cinn, agus gníomhaíocht forfheidhmiúcháin a dhéanamh i gcás gur gá.

Tarlaíonn sé sin ar na bealaí seo a leanas:

1. Feidhmíocht an Oibritheora a athbhreithniú i gcomparáid le caighdeáin shainithe

2. Formhaoirseacht a dhéanamh ar phróisis agus rialuithe an Oibritheora

3. Measúnú a dhéanamh ar fhógraíocht agus cur chun cinn an Chrannchuir Náisiúnta

4. Gníomhú de bhun gearáin a fhaightear ón bpobal

5. Athbhreithnithe téamaithe réamhghníomhacha

6. Taighde neamhspleách

7. Imscrúduithe agus forfheidhmiú

8. An Ciste a Bhainistiú

1. Feidhmíocht an Oibritheora a athbhreithniú i gcomparáid le caighdeáin shainithe

Déantar faireachán agus measúnú ar fheidhmíocht an Oibritheora bunaithe ar na caighdeáin réamh-mheasta atá le baint amach gach bliain.  [Is féidir Tuarascáil Bhliantúil Dearbhaithe ina mionsonraítear caighdeáin feidhmíochta an Oibritheora le haghaidh gach bliana atá sé i mbun oibre a aimsiú sna foilseacháin uainn anseo.]

Ar fud na bliana, déanaimid faireachán ar an-chuid de na caighdeáin sin ar bhonn seachtainiúil nó míosúil, mar aon le feidhmíocht cluichí aonair den Chrannchur Náisiúnta a mheasúnú.

Na Tuarascálacha a Bhaineann le Feidhmíocht agus a nDéantar Athbhreithniú orthu ar Bhonn Tráthrialta

Fill ar an mbarr

2. Formhaoirseacht a dhéanamh ar phróisis agus rialuithe an Oibritheora

Bíonn ionracas an Chrannchuir Náisiúnta ag brath ar chórais agus rialuithe éifeachtacha a bheith ag an Oibritheoir. 

Throughout the year, we receive and review a range of reports and proactively interrogate the Operator on its system of internal controls. These reports can be related to the controls in general or be specific to an important aspect of running a state lottery. This includes the security of draw operating areas, or the PR campaigns conducted to find the winner of a large prize that is yet to be claimed.

Tábla de Thuarascálacha ar Phróisis agus ar Rialuithe

Fill ar an mbarr

3. Measúnú a dhéanamh ar fhógraíocht agus cur chun cinn an Chrannchuir Náisiúnta

Déanaimid measúnú tráthrialta ar bhealaí cumarsáide margaíochta an Oibritheora chun a chinntiú go gcloítear leis an gCód Cleachtais um Fhógraíocht agus Cur Chun Cinn agus le clásail eile den Cheadúnas. 

Ní mór cumarsáidí margaíochta den sórt sin ón Oibritheoir a bheith cruinn ón taobh fíorasach de agus ní ceadmhach iad a bheith míthreorach. Tá caighdeáin shonracha i bhfeidhm chun a chinntiú nach spriocdhírítear ar dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois nó ar dhaoine leochaileacha eile agus chun cearrbhachas fadhbach a dhíspreagadh agus a chosc.

Tá feidhm ag na caighdeáin maidir le gach cineál fógraíochta agus cur chun cinn, lena n-áirítear margaíocht laistigh de shiopaí, caidreamh poiblí, fógraíocht teilifíse agus raidió, fógraíocht lasmuigh, fógraíocht ar líne, postálacha meán sóisialta, ríomhphoist dhíreacha chuig imreoirí (nach mór dóibh clárú chun iad a fháil) agus mar sin de.

Rinne an Rialálaí gníomhaíocht forfheidhmiúcháin i gcás gur cinneadh gur sháraigh an tOibritheoir an Cód (féach thíos chun tuilleadh mionsonraí a fháil).

Is féidir an leagan reatha den Chód Cleachtais um Fhógraíocht agus Cur Chun Cinn a aimsiú anseo.

Má tá imní ort faoi shárú féideartha ar an gCód, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an Rialálaí. Faigh amach anseo conas is féidir leat déanamh amhlaidh.

Fill ar an mbarr

4. Gníomhú de bhun gearáin a fhaightear ón bpobal

Féadfaidh daoine den phobal, is cuma cé acu is rannpháirtithe in aon chluiche Crannchuir Náisiúnta iad nó nach ea, gearáin i ndáil leis an gCrannchur Náisiúnta a chomhdú leis an Oibritheoir nó leis an Rialálaí.  

Nuair a fhaigheann an Rialálaí gearán ó dhuine den phobal, déantar anailís ar an ngearán ó thaobh na rialála de chun a shuí cé acu a rinne nó nach ndearna an tOibritheoir aon sárú ar an Acht nó ar an gCeadúnas.  Ní fhéadfaidh an Rialálaí tionchar a imirt ar bhreith a thagann faoi shainchúram an Oibritheora ná an bhreith sin a athrú ach amháin chun a chinntiú go gcomhlíonann an tOibritheoir an tAcht agus an Ceadúnas. 

Is féidir leat gearán a dhéanamh anseo.

Achoimre ar na gearáin uile a fuarthas

Fill ar an mbarr

5. Athbhreithnithe téamaithe réamhghníomhacha

Gach bliain, sainaithníonn an Rialálaí réimsí oibriúcháin laistigh den Chrannchur Náisiúnta go réamhghníomhach lena n-athbhreithniú ó thaobh chomhlíonadh an Cheadúnais de. Sa chuid is mó de chásanna, bíonn an t-athbhreithniú sin mar chúis le feabhsuithe ar rialuithe an Oibritheora chun dul chun tairbhe d’ionracas agus inchothaitheacht fhadtréimhseach an Chrannchuir Náisiúnta agus do leasanna rannpháirtithe. Déanann an Rialálaí aon neamhchomhlíonadh féideartha arna aimsiú a bhreithniú le haghaidh forfheidhmiúcháin. 

Athbhreithnithe Téamaithe

Fill ar an mbarr

6. Taighde neamhspleách

Féachann an Rialálaí le coinneáil ar an eolas faoi na treochtaí reatha agus na forbairtí éiritheacha i margaí crannchuir ar fud an domhain agus faoin taighde is déanaí maidir leis na dea-chleachtais i leith leasanna rannpháirtithe a chosaint.

Déanaimid faireachán ar nuacht tionscail, labhraímid le rialálaithe i ndlínsí eile agus oibríonn an Ceann Cosaint Imreoirí agus Taighde ar bhonn leanúnach chun sainaithint a dhéanamh ar phróisis agus cleachtais a chruthaigh a bheith éifeachtach maidir le cearrbhachas fadhbach a chosc nó a íoslaghdú.

Sa bhliain 2018, choimisiúnaigh an Rialálaí mórthaighde neamhspleách chun a scrúdú conas a bhí earnáil miondíola na hÉireann ag comhlíonadh na rialacha lena rialaítear díol táirgí Crannchuir Náisiúnta le daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois. Ba é an taighde sin an chéad taighde dá chineál riamh in Éirinn agus bhí na fionnachtana ina slat tomhais bonnlíne thábhachtach a d’fhéadfaí an Rialálaí a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar thionchar aon ghníomhartha a dhéanfadh an tOibritheoir sa todhchaí chun feabhas a chur ar chomhlíonadh sa réimse tábhachtach sin i measc miondíoltóirí. 

Cé go raibh formhór na miondíoltóirí lánchomhlíontach, bhí an céatadán de mhiondíoltóirí nach raibh ag cur na rialacha chun feidhme i gceart suntasach agus do-ghlactha.  

Mar thoradh ar choimisiúnú agus foilsiú an taighde sin, spreagadh an tOibritheoir chun bearta nua a chur chun feidhme chun a chinntiú nach ndíolfaí táirgí Crannchuir Náisiúnta le mionaoisigh. Áiríodh leis sin feachtas “Smaoinigh 21” agus cleachtaí tráthrialta rúnsiopadóireachta a chur chun feidhme, ar nithe iad atá ar siúl fós.

Is féidir mionsonraí iomlána faoin taighde agus faoi na fionnachtana a aimsiú inár rannán ‘Foilseacháin’ anseo

Fill ar an mbarr

7. Imscrúduithe agus forfheidhmiú

Tá an chumhacht ag an Rialálaí chun cinneadh a dhéanamh agus a fhoilsiú i gcás gur mhainnigh an tOibritheoir aon fhoráil den Acht nó den Cheadúnas a chomhlíonadh. Is féidir go mbeidh nó nach mbeidh imscrúdú reachtúil i gceist leis sin, ach is gá i ngach cás go bhfuil nós imeachta cóir agus na próisis atá leagtha amach sa chreat dlíthiúil i gceist leis. In imthosca áirithe (a shonraítear i gCuid 6 den Acht agus i gClásal 22 den Cheadúnas), is féidir gurb é an toradh a bheidh air sin ná go dtabharfaidh an Rialálaí ordachán don Oibritheoir gníomh sonrach a dhéanamh chun comhlíonadh a bhaint amach agus/nó go gcoinneoidh an Rialálaí siar aon airgead a bheadh dlite de ghnáth don Oibritheoir.

Mionsonraí faoi Sháruithe

Fill ar an mbarr

8. An Ciste a Bhainistiú

Ciste a bhainistiú agus a rialú.

An Ciste a Bhainistiú

Fill ar an mbarr