Úsáid d’fhaisnéise pearsanta

Tugaimid aird ar do cheart chun príobháideachta. I gcás go gcuireann úsáideoirí aon sonraí pearsanta isteach, bíodh sé trí ríomhphost nó ar an teileafón, caitear leis an bhfaisnéis sin i modh rúin. Féadfaidh sainchomhairleoirí atá ag obair laistigh d’Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta an fhaisnéis sin a chomhroinnt, ach ní dhéanfar í a sholáthar d’aon tríú páirtithe ná a dhíol leo chun críocha nithe a dhíol leatsa nó a mhargú duitse. Rinneamar ár ndícheall a chinntiú go ndéantar aon sonraí a stóráil go slán agus go héifeachtach chun rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, agus nochtadh neamhúdaraithe na sonraí sin, a chosc.

Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi phríobháideacht agus/nó slándáil do shonraí pearsanta, déan teagmháil linn trí ghlao a chur ar +353 (0)1 8727932 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig info@rnl.ie

Fianáin

Baineann an suíomh Gréasáin seo úsáid as Google Analytics 4, atá socraithe chun rianú a dhí-ainmniú de réir réamhshocraithe. Díchumasaíodh gach ceann de na gnéithe fógraíochta (‘Comharthaí’) agus ‘Ardsocruithe chun Pearsantú Fógraí a Chumasú’ agus níor socraíodh an t-aitheantas tuairiscithe ach amháin de réir an ghléis, agus ní de réir Aitheantas an Úsáideora [sanntar slánuimhir randamach dó]. Dá bhrí sin, ní féidir linn úsáideoirí a aithint ná aon sonraí pearsanta a rochtain.

Níl aon fhianáin eile socraithe don suíomh Gréasáin seo.

Ní logáiltear cuairteanna ar an suíomh Gréasáin seo ach chun críocha staidrimh amháin. Ní bhailítear aon fhaisnéis a d’fhéadfaimis a úsáid chun cuairteoirí ar an suíomh Gréasáin a shainaithint agus ní dhéanfaimid aon iarracht cuairteoirí aonair a shainaithint ná baint a bhunú idir mionsonraí teicniúla agus aon duine aonair.

Téarmaí agus Coinníollacha

Srianta cóipchirt: Coisctear úsáid tráchtála a bhaint as aon chuid den suíomh Gréasáin seo agus aon chuid de a fhoilsiú ar leithligh gan réamhúdarú a fháil. Ní fhéadfar doiciméid a chóipeáil ach le haghaidh úsáid phearsanta amháin ar an gcoinníoll go dtaispeántar tásca cóipchirt agus foinse.

Foilsíodh roinnt doiciméad agus íomhánna ar an suíomh seo le cead ó na húinéirí cóipchirt lena mbaineann; tá gach ceart ar cosaint ar na míreanna sin agus ní foláir cead chun iad a chóipeáil a iarraidh ó na húinéirí cóipchirt (léirítear na foinsí ar na leathanaigh seo).

Soláthraítear “mar atá siad” an suíomh Gréasáin seo agus an fhaisnéis nó na híomhánna maidir le Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta nó a bhaineann leis, gan aon uiríoll ná aon fhormhuiniú a bheith á ndéanamh agus gan aon bharántas de chineál ar bith, bíodh sé sainráite nó intuigthe. Ní bheimid faoi dhliteanas i gcás ar bith i leith aon damáistí, lena n-áirítear, gan teorainn, damáistí indíreacha nó iarmhartacha, nó aon damáistí ar bith a eascraíonn as úsáid an tsuímh Gréasáin nó i ndáil le húsáid sin an tsuímh Gréasáin nó le cailleadh úsáide an tsuímh Gréasáin, bíodh sé i gconradh nó de bharr faillí.

Ní dhlímid gur gan briseadh nó saor ó earráidí a bheidh na feidhmeanna a chuimsítear san ábhar atá sa suíomh seo, go gceartófar lochtanna ná go mbeidh an suíomh Gréasáin seo nó an freastalaí a óstálann é saor ó víris nó ar fhabhtanna nó gurb ionann é agus feidhmiúlacht iomlán, cruinneas iomlán agus iontaofacht iomlán na n-ábhar.

I gcás go gcuimsítear naisc chuig suíomhanna Gréasáin tríú páirtí sa suíomh Gréasáin seo, ní sholáthraítear na naisc sin ach amháin mar áis duit agus ní mar fhormhuiniú ó Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta maidir leis an inneachar ar aon suíomhanna Gréasáin tríú páirtí den sórt sin.

Rialófar na téarmaí agus coinníollacha seo le dlíthe Phoblacht na hÉireann agus forléireofar iad de réir na ndlíthe sin, agus géilleann na páirtithe leis seo do dhlínse neamheisiach chúirteanna na hÉireann chun aon díospóidí a d’fhéadfadh teacht chun cinn i ndáil leis na téarmaí agus coinníollacha seo a réiteach. 

Postálfar ar an leathanach seo aon athruithe ar ár dtéarmaí nó ar ár ráiteas príobháideachta.