An Dualgas um Chearta an Duine agus Comhionannas

Le linn na bliana 2020, ag comhlíonadh dó a oibleagáidí comhlachta phoiblí faoi alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, rinne Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta cleachtadh mionsonraithe chun a shainaithint cé na saincheisteanna um chearta an duine agus comhionannas a dhéanann difear d’obair an Rialálaí nó a ndéanann obair an Rialálaí difear dóibh, bíodh sé go díreach nó go hindíreach. Áiríodh leis an gcleachtadh sin athbhreithniú ar conas a idirghníomhaíonn Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta leis an bpobal agus le geallsealbhóirí agus ar conas a oibrímid laistigh dár n-eagraíocht féin.

Measadh gur i bhfeidhm cheana féin a bhí roinnt beartas chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn. Mar chuid dá athbhreithniú tráthrialta ar a chuid beartas agus nósanna imeachta, cinntíonn Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta go ndéantar gach athbhreithniú beartais trí bhreithniú iomlán a dhéanamh ar an ngá le comhionannas deise agus cóir chomhionann a chur chun cinn agus le cearta daonna na mball foirne agus na ngeallsealbhóirí araon a chosaint.