Tá Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta tiomanta do sheirbhís ar ardchaighdeán a sholáthar d’aon duine den phobal a dhéanann teagmháil léi.

Tá an tiomantas sin do sheirbhís mhaith a sholáthar dár gcustaiméirí le feiceáil sa Chairt Custaiméirí agus Plean Gníomhaíochta 2021-2023 uainn, atá ar fáil thíos.

Cairt agus Plean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí 2021-2023

Cuimsítear sa doiciméad sin faisnéis faoin leibhéal seirbhíse ar féidir leat a bheith ag súil leis ó Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta nuair a dhéanann tú teagmháil linn ar an bhfón nó i scríbhinn. Tugtar faisnéis ann freisin faoin tseirbhís coinní a sholáthraímid.

Mura bhfuil tú sásta leis an tseirbhís a fhaigheann tú ó Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta, leagtar amach sa doiciméad sin ár nós imeachta gearáin, lena n-áirítear faisnéis faoi conas teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman.

Tugtar faisnéis sa doiciméad sin freisin faoi conas iarraidh Saorála Faisnéise a sheoladh nó faoi conas aiseolas a thabhairt do Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta maidir lenár bhfeidhmíocht le linn idirghníomhú leat.