Ceann amháin de chuspóirí an Rialálaí is ea go mbainfeadh imreoirí taitneamh as páirt a ghlacadh sa Chrannchur Náisiúnta ar bhealach sábháilte sláintiúil agus go seasfaí lena gcearta tomhaltóirí. 

Chun an cuspóir sin a chomhlíonadh, coinníonn an Rialálaí súil aireach ar an Oibritheoir (Premier Lotteries Ireland) chun a chinntiú go mbíonn sé ag comhlíonadh ardchaighdeáin chosanta tomhaltóirí agus ag obair chun cearrbhachas fadhbach a chosc mar a bheartaítear sa Cheadúnas.

Tá an Rialálaí tiomanta d’eispéireas sábháilte taitneamhach Crannchuir Náisiúnta a chinntiú do gach rannpháirtí, agus rialacha cothroma agus nósanna imeachta cothroma ann do gach cluiche agus bearta cuí a bheith i bhfeidhm chun cosaint ar imirt faoi aois agus ar imirt fhadhbach.