Cad is Saoráil Faisnéise ann?

Foráiltear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, go bhfuil na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine:

  • an ceart chun rochtain ar thaifid oifigiúla atá i seilbh Ranna Rialtais agus gach comhlachta phoiblí a chloíonn le forálacha Alt 6 den Acht.
  • an ceart go ndéanfar faisnéis phearsanta fúthu a cheartú nó a nuashonrú sa chás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach; agus
  • an ceart chun cúiseanna a fháil le breitheanna a thugann comhlachtaí poiblí, i gcás go dtéann na breitheanna sin i bhfeidhm orthu.

De bharr na gceart sin, is amhlaidh, ón 21 Aibreán 1998, a fhéadfaidh daoine rochtain a iarraidh ar fhaisnéis phearsanta atá á coinneáil fúthu, beag beann ar an uair a cruthaíodh an fhaisnéis sin, agus rochtain a iarraidh ar thaifid eile a cruthaíodh tar éis an 21 Aibreán 1998.

Conas a oibríonn Saoráil Faisnéise?

Ceanglaítear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise ar Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta freagra a thabhairt ar iarrataí a fhaightear ón bpobal ar fhaisnéis a shealbhaíonn siad. I bhformhór na gcásanna, ní mór do chomhlachtaí poiblí an bhreith uathu maidir le hiarraidh a thabhairt laistigh de cheithre seachtaine ón iarraidh a fháil.

Conas is féidir liom Iarraidh Saorála Faisnéise a dhéanamh chuig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta?

Ba cheart duit iarraidh a sheoladh (i scríbhinn nó trí ríomhphost) faoi bhráid an Oifigigh Saorála Faisnéise:

Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta,
5 George’s Dock
International Financial Services Centre
Dublin 1
D01 X8N7

Teil.: +353 (1) 8727932

Ríomhphost: foi@rnl.ie

Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith san iarraidh uait:

  • Ráiteas go bhfuil an iarraidh á déanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
  • A oiread faisnéise agus is féidir faoi na taifid atá á lorg.
  • An fhormáid inar mian leat aon taifid a eiseofar a fháil (e.g., fótachóipeanna).

De rogha air sin, is féidir leat an Fhoirm Saorála Faisnéise a íoslódáil agus í a sheoladh chuig Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta ag an seoladh thuas. Tabharfar freagra tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine tar éis an iarraidh a fháil.

Bíonn Oifigeach Rochtana Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta ar fáil chun cabhair a thabhairt d’aon duine a bhfuil míchumas air nó uirthi a chearta nó a cearta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a fheidhmiú.

Is í Caroline Hayes, an Oifigeach Gnóthaí Corparáideacha, an tOifigeach Rochtana agus is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag carolinehayes@rnl.ie nó ag 01-872-7932.

An féidir liom rochtain a fháil ar fhaisnéis ar bith a iarraim?

Tagann na taifid seo a leanas faoi raon feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise:

  • Gach taifead a bhaineann le faisnéis phearsanta atá i seilbh Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta, is cuma cén uair a cruthaíodh iad.
  • Gach taifead eile a cruthaíodh ó thosach feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise (an 21 Aibreán 1998).
  • Taifead ar bith atá riachtanach maidir le taifead reatha a thuiscint, fiú má cruthaíodh é roimh an 21 Aibreán 1998.
  • Taifid phearsanra ar bhaill foirne reatha a cruthaíodh ón 21 Aibreán 1995 agus na taifid sin a cruthaíodh roimh an dáta sin i gcás go bhfuil siad á n-úsáid, nó go mbeartaítear iad a úsáid, ar mhodh a dhéanann dochar, nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh, do leasanna an duine lena mbaineann.

Chun gur féidir gnó na hoifige a sheoladh go cuí, áfach, beidh sé riachtanach ó am go chéile cineálacha áirithe faisnéise a dhíolmhú óna n-eisiúint in imthosca áirithe. Tá na díolúintí sin leagtha amach san Acht um Shaoráil Faisnéise. I measc na bpríomhdhíolúintí tá taifid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

  • Cruinnithe Rialtais,
  • Forfheidhmiú an dlí agus slándáil,
  • Faisnéis rúnda agus faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de,
  • Taifid nach bhfuil i seilbh comhlachta phoiblí,
  • Faisnéis phearsanta (seachas faisnéis a bhaineann leis an duine atá ag déanamh na hiarrata).

Féadfar diúltú géilleadh d’iarrataí freisin i gcás go meastar iad a bheith iomarcach nó neamhshoiléir, ach tá oibleagáid ar Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta cabhrú leis an iarrthóir aon deacracht den sórt sin a shárú.

An ngearrtar muirear i leith faisnéis a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise?

Ní ghearrtar aon mhuirear as iarraidh a chur isteach. I gcás iarrataí ar fhaisnéis neamhphearsanta, is féidir go ngearrfar muirir eile i leith an ama a caitheadh ar thaifid a aimsiú agus i leith aon chostas atáirgthe a thabhaigh Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta chun an t-ábhar a iarradh a sholáthar duit (muirir chuardaigh, aisghabhála agus chóipeála). I gcás gur lú an costas cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála ná €101, ní ghearrfar aon táille.  I gcás gur mó an costas cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála ná €500 ach gur lú é ná €700, gearrfar muirear uasta €500.  I gcás gur mó an costas cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála ná €700, féadfaidh Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta diúltú géilleadh don iarraidh a phróiseáil. Tabharfar mionsonraí duit i scríbhinn faoi na muirir iarbhír a bhaineann leis an iarraidh uait.  Ba cheart íocaíocht a dhéanamh trí Ríomhaistriú Airgid. Déan teagmháil le Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta chun sonraí bainc a fháil. Tá liosta de tháillí ábhartha leagtha amach thíos:

Liosta Táillí

  • Ní ghearrtar aon mhuirear as iarraidh a chur isteach,
  • Cuardach agus Aisghabháil – €20.00 in aghaidh na huaire (i gcás iarrataí ar mó iad ná an muirear íosta €100.00 i ndáil le cuardach, le haisghabháil agus le cóipeáil), faoi réir na n-uasteorainneacha atá luaite thuas,
  • Táille €0.04 sa leathán ar fhótachóip,
  • Táille €30.00 ar athbhreithniú inmheánach (€10.00 do dhaoine a bhfuil cárta liachta acu),
  • Táille €50.00 ar achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise (€15.00 do dhaoine a bhfuil cárta liachta acu).

Nótaí:

  1. Ní ghearrfar aon mhuirear mura gcuimsítear sna taifid ach faisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarratasóir, seachas i gcás go bhfuil líon suntasach taifead ann.
  2. Má tá táille iarratais laghdaithe á éileamh agat, ní mór uimhir chlárúcháin an Chárta Liachta, ainm an Bhoird Sláinte eisiúna agus do thoiliú le fíorú na mionsonraí sin leis an mBord Sláinte sin a bheith ag gabháil leis an iarraidh.
  3. Tá liosta iomlán de na táillí ar fáil ach é a iarraidh.

Cad a fhéadfaidh mé a dhéanamh mura bhfuilim sásta leis an mbreith ar an iarraidh Saorála Faisnéise uaim?

Tá an ceart ag daoine aonair chun athbhreithniú inmheánach a lorg tar éis diúltú géilleadh don iarraidh Saorála Faisnéise uathu. Féadfaidh tú freisin achomharc in aghaidh na breithe a dhéanamh laistigh de shé mhí trí scríobh chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Má dhéanann tú achomharc, déanfaidh an Coimisinéir Faisnéise imscrúdú agus breithniú iomlán ar an ní agus eiseoidh sé nó sí breith úr. Ba cheart aon achomhairc a chur chuig an seoladh seo a leanas:

An Coimisinéir Faisnéise,
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.

Teil.: +353 (1) 639 5689
Íosghlao:    1890 22 30 30
Facs: +353 (1) 639 5674
Ríomhphost: info@oic.ie

Is féidir go muirearófar táille €50 (€15 do dhaoine a bhfuil cárta liachta acu) as an gcineál iarratais sin a dhéanamh. Mar an gcéanna, ní mhuirearaítear aon táillí as achomhairc a dhéanamh chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise i gcás go mbaineann siad le faisnéis phearsanta amháin nó le breith a tugadh táille nó éarlais a ghearradh.

Cén áit ar féidir liom tuilleadh faisnéise faoi Shaoráil Faisnéise a fháil?

An Coimisinéir Faisnéise,
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2

Teil.: +353 (1) 639 5689
Íosghlao: 1890 253 238
Facs: +353 (1) 639 5674
Ríomhphost: info@oic.gov.ie

Tá faisnéis níos cuimsithí faoi Shaoráil Faisnéise, lena n-áirítear téacs an Achta um Shaoráil Faisnéise, ar fáil ag https://foi.gov.ie

An Scéim Foilsitheoireachta Saorála Faisnéise

Ceanglaítear ar chomhlachtaí saorála faisnéise le halt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise faisnéis a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhealach oscailte inrochtana ar bhonn gnáthaimh lasmuigh den tsaoráil faisnéise, agus aird á tabhairt ar phrionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cuntasachta. Is é an toradh atá air sin gur féidir taifid a fhoilsiú nó a thabhairt lasmuigh den tsaoráil faisnéise ar choinníoll nach bhfuil toirmeasc dlí ar an bhfoilsiú sin ná ar an tabhairt rochtana den sórt sin. Ceanglaítear ar chomhlachtaí saorála faisnéise leis an scéim faisnéis a chur ar fáil mar chuid dá ngnáthghníomhaíochtaí gnó de réir na scéime.

Féach Scéim Foilsitheoireachta Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta thíos. Cuimsítear i ngach mír naisc chuig an bhfaisnéis ábhartha ar shuíomh Gréasáin Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta. Mura féidir an fhaisnéis a theastaíonn uait a fháil anseo, is féidir go mbeidh fonn ort cuardach a dhéanamh ar ár suíomh Gréasáin.

Faisnéis a Chuimsítear sa Scéim Foilsitheoireachta:

A – Faisnéis faoin gcomhlacht saorála faisnéise

B – Seirbhísí a sholáthraítear

C – An próiseas cinnteoireachta le haghaidh mórthograí beartais

D – Faisnéis airgeadais

E – Soláthar

F – Logaí Nochta Saorála Faisnéise

FOI Disclosure Log 2022

FOI Disclosure Log 2021

FOI Disclosure Log 2020

FOI Disclosure Log 2019

FOI Disclosure Log 2018

FOI Disclosure Log 2017

FOI Disclosure Log 2015-2016

Tuilleadh Faisnéise:

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin Scéim Foilsitheoireachta, cuir glao ar an Oifig ag 01 872 7932 nó seol ríomhphost chuig foi@rnl.ie