Is ionann an Cód Iompair Gnó agus tuairisc ar na nósanna imeachta lena gcinntear iompar agus iompraíocht ball foirne. Leagtar amach sa Chód Iompair Gnó prionsabail an ionracais, na dílseachta, na cothroime, na freagrachta agus na rúndachta agus na hoibleagáidí i leith ghnó uile Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta.

Ullmhaíodh an Cód Iompair Gnó seo do bhaill foirne i gcomhréir leis “an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú, 2016” arna eisiúint ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

An Cód Iompair Gnó