Fís

Tá fís an Rialálaí ag teacht leis na cuspóirí a leagadh uirthi san Acht um Chrannchur Náisiúnta, 2013:
“Crannchur Náisiúnta na hÉireann atá sábháilte, inchothaithe agus dea-reáchtáilte agus a uasmhéadaíonn cistí le haghaidh dea-chúiseanna”.

Luachanna

Cinntíonn Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta go nglactar an dea-chleachtas sa rialachas trínár luachanna. Tá feidhm ag na luachanna sin maidir leis na gníomhaíochtaí uile agus tá siad mar bhonn agus thaca ag a cultúr mar chaomhnóir na sócmhainne tábhachtaí Stáit sin.