Faigheann an Rialálaí cabhair le linn di a freagrachtaí a chomhlíonadh óna foireann agus óna foireann bhainistíochta, a bhfuil saineolas agus taithí acu ar an gcuntasaíocht, ar an iniúchóireacht, ar an dlí, ar an tsíceolaíocht, ar an taighde, ar an rialachas, ar an gcomhlíonadh, ar an riarachán earnála poiblí agus ar an gcumarsáid.

Cuirtear saineolaithe seachtracha leis na hacmhainní sin chun forléargas cuimsitheach a sholáthar ar an Oibritheoir agus chun na caighdeáin is airde agus cinnteoireacht eolach a choinneáil ar bun sna réimsí lena mbaineann na rioscaí is mó.