Ár dTairiscintí

Tá mionsonraí faoi na comórtais tairisceana reatha agus chríochnaithe uile os cionn €25,000 ar fáil ar http://www.etenders.gov.ie/ 

Beartas Soláthair

Rialaítear Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta, mar chomhlacht reachtúil, le Treoirlínte Soláthair Phoiblí, le Rialacháin agus le Treoracha. Is féidir soláthar poiblí a mhíniú mar oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí a fháil, bíodh sé faoi chonradh foirmiúil nó ná bíodh. Áirítear leis gnáthsholáthairtí a cheannach, tairiscintí foirmiúla a iarraidh le haghaidh tionscadail mhóra bhonneagair agus TFC agus conarthaí a shuí le haghaidh na dtionscadal sin.

Prionsabail Soláthair
Ní mór soláthar poiblí a dhéanamh le cuibheas, le trédhearcacht agus le cuntasacht agus ar dhóigh ina n-áirithítear an luach is fearr ar airgead do Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta.

Is leis na prionsabail seo a leanas a rialófar an soláthar a dtabharfaidh Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta faoi:

  • Éifeachtúlacht, éifeachtacht agus an luach is fearr ar airgead a bhaint amach.
  • Déileáil le soláthróirí, conraitheoirí agus soláthraithe seirbhíse atá ar ardchaighdeán.
  • Oibriú ar dhóigh chothrom, oscailte, thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.
  • Riosca agus coinbhleachtaí leasa féideartha a bhainistiú.
  • Gach rialachán Eorpach agus Rialtais agus an reachtaíocht náisiúnta ar fad a chomhlíonadh.
  • Oibriú de réir na gcaighdeán eiticiúil is airde.

Cuspóirí soláthair
Is iad cuspóirí príomha bheartas soláthair Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta a chinntiú gurb amhlaidh, maidir le gach idirbheart:

  • A sholáthraítear iad de réir na gceanglas sonraithe.
  • A thugtar an luach is fearr ar airgead d’Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta leo.
  • Atá siad lán-trédhearcach.
  • A chinntítear leo cothroime rochtana do sholáthraithe atá cáilithe go cuí/atá inniúil.
  • A chonraítear iad go foirmiúil.
  • A chomhlíonann siad treoirlínte rialtais agus treoracha an Aontais Eorpaigh go hiomlán.

Ní mór tosca comhshaoil agus sóisialta, mar atá leagtha amach i gCiorclán 20/2019, a chomhlíonadh nuair is iomchuí i ngach próiseas soláthair. Ag gach céim den phróiseas, ba cheart saincheisteanna comhshaoil a bhreithniú agus ba cheart iad a chur in iúl, idir chéim an cháis ghnó, chéim na sonraíochta, chéim an roghnúcháin, chéim na dámhachtana agus chéim na bainistíochta conartha.

Le Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine cuirtear oibleagáid reachtúil ar chomhlachtaí poiblí deireadh a chur leis an idirdhealú, comhionannas deise a chur chun cinn agus cosaint a thabhairt do na cearta daonna atá ag na daoine a soláthraíonn siad seirbhísí dóibh agus ag baill foirne le linn dóibh a n-obair laethúil a dhéanamh. Ní mór an Dualgas sin a chur san áireamh i ngníomhaíochtaí gnó uile Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta, lena n-áirítear soláthar.

Nósanna Imeachta Ceannaigh

  • Bunphrionsabal den soláthar poiblí is ea gur cheart úsáid a bhaint as próiseas iomaíoch, seachas i gcás go bhfuil imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo ann. Bíonn éagsúlacht sa saghas próisis iomaíoch sin, ag brath ar mhéid agus saintréithe an chonartha atá le dámhachtain agus ar chineál an údaráis chonarthaigh.
  • I gcás go sainaithnítear ceanglas soláthair roimh leanúint leis an gceannach, ba cheart a dhéanamh amach an bhfuil conradh oiriúnach nó creat oiriúnach i bhfeidhm cheana féin nó nach bhfuil agus, má tá, ba cheart úsáid a bhaint as an gconradh sin nó as íostarraingt ón gcreat sin.
  • Gabhann Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta air féin creataí na hOifige um Sholáthar Rialtais a úsáid le haghaidh gach ceannacháin ar mó a luach ná €25,000.

Soláthar Aontais Eorpaigh

Maidir le conarthaí ar mó a luach ná €209,000, gan CBL a áireamh, le haghaidh Seirbhísí nó Soláthairtí, beidh siad ar oscailt d’iomaíocht ar fud an Aontais Eorpaigh trí bhíthin fógra san Fhorlíonadh a ghabhann le hIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (OJEU).