Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol

Faoi Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa, ar tugadh éifeacht di le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) (Leasú), 2007 go 2018, nó “na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol”, tá daoine aonair uile an Stáit i dteideal rochtain a iarraidh ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol atá i seilbh comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta. Cumhdaítear leis an Treoir faisnéis atá i seilbh Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta i bhfoirm scríofa, i bhfoirm amhairc, ó bhéal, i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirm ábhartha eile is faisnéis a bhaineann le nithe comhshaoil.

Conas is féidir Faisnéis maidir leis an gComhshaol a Iarraidh:

Más mian leat rochtain a iarraidh ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol atá i seilbh Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta, cuir isteach d’iarraidh i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach agus sonraigh go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), 2007-2014. Tabhair sonraí teagmhála, lena n-áirítear uimhir theileafóin más féidir, agus sonraigh, ar an mbealach is mine is féidir, an fhaisnéis comhshaoil a theastaíonn agus an fhoirm rochtana agus an modh rochtana atáthar ag iarraidh.

Ba cheart iarrataí a sheoladh chuig an duine seo a leanas:

The Environmental Officer
An tOifigeach Comhshaoil
Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta
5 George’s Dock
International Financial Services Centre
Dublin 1
D01 X8N7

Nó trí ríomhphost a sheoladh chuig info@rnl.ie

Tríd is tríd, soláthrófar faisnéis maidir leis an gcomhshaol saor in aisce chomh fada is nach suntasach atá na costais do Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta.

I gcás go meastar na costais do Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta a bheith suntasach, gearrfar muirear “réasúnach” a bheidh cothrom le €20.00 in aghaidh na huaire as doiciméid a chuardach, a aisghabháil agus a sholáthar. Gearrfar muirear €0.04 sa leathán as fótachóipeáil.

An Ceart chun Achomhairc:

Má dhiúltaítear géilleadh d’iarraidh, bíodh sé go hiomlán nó go páirteach, nó mura ndéileáiltear léi go cuí ar shlí eile, féadfar athbhreithniú inmheánach a lorg tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an dáta ar ar tugadh fógra i dtaobh na breithe bunaidh. Chun athbhreithniú inmheánach a iarraidh, scríobh chuig an duine seo:

Bainisteoir Gnóthaí Corparáideacha
Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta
5 George’s Dock
International Financial Services Centre
Dublin 1
D01 X8N7

Ní ghearrtar aon táille as iarratas ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh.

Mura bhfuil tú sásta leis na torthaí ar an athbhreithniú inmheánach, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh ina dhiaidh sin chuig an seoladh seo:

Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Gearrtar táille €50 as achomharc chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil. Tá táille laghdaithe €15 le híoc ag daoine a bhfuil cárta liachta acu.

Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, i gcás go soláthraítear faisnéis tar éis achomharc chuig an gCoimisinéir, a fhéadfar muirir réasúnacha (mar atá leagtha amach thuas) a ghearradh i gcás go meastar costais a bheith suntasach.

Séanadh/Nóta: Tabhair faoi deara go bhféadfaidh comhlachtaí poiblí diúltú géilleadh d’iarrataí ar rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol ar fhorais éigeantacha áirithe (faisnéis phearsanta/faisnéis tríú páirtí) nó ar fhorais lánroghnacha (rúndacht tráchtála, etc.).

Naisc chuig suíomhanna gaolmhara nó chuig doiciméid ghaolmhara: