Cad is Nochtadh Cosanta ann?

De réir an mhínithe in Acht 2014, is é is nochtadh cosanta ann ná nochtadh faisnéise ar dóigh go léirítear inti, i dtuairim réasúnach an oibrí, go ndearnadh éagóiritheacht iomchuí amháin nó níos mó, a tháinig ar aird an oibrí i dtaca le fostaíocht an oibrí, agus a nochtar ar an mbealach atá leagtha amach in Acht 2014. Gairtear “sceithireacht” ó am go ham de nochtadh cosanta a dhéanamh.

Raon feidhme

Forordaítear Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta le hIonstraim Reachtúil Uimh. 367 de 2020 – An tOrdú fán Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 (Nochtadh do Dhaoine Forordaithe), 2020, chun nochtaí cosanta a fháil faoin Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 (“Acht 2014”), ó oibrithe seachtracha nach oibrithe de Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta.

Conas is féidir nochtadh cosanta a dhéanamh do Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta

Chun nochtadh cosanta a dhéanamh do Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta, ní mór d’oibrí a chreidiúint le réasún go bhfuil an fhaisnéis a nochtar, agus aon líomhain atá san fhaisnéis sin, fíor go substaintiúil agus go mbaineann an éagóiritheacht iomchuí leis an dóigh a gcomhlíonann oibritheoir an Chrannchuir Náisiúnta an tAcht um Chrannchur Náisiúnta, 2013 (Uimh. 13 de 2013), agus téarmaí agus coinníollacha an cheadúnais a deonaíodh don oibritheoir.

Ní mór an fhaisnéis a nochtadh ar an mbealach atá leagtha amach in Acht 2014 agus ba cheart na nithe seo a leanas a bheith san fhaisnéis:

  • Ainm agus sonraí teagmhála (glactar le nochtaí gan ainm agus imscrúdófar iad a mhéid is féidir).
  • Iarraidh ar rúndacht (más inmhianaithe).
  • Ráiteas á rá go bhfuil an nochtadh á dhéanamh faoin Acht um Nochtadh Cosanta, 2014.
  • Ainm aon eagraíochta lena mbaineann.
  • Tuairisc mhionsonraithe agus a oiread faisnéise agus is féidir maidir leis an éagóiritheacht líomhnaithe, lena n-áirítear dátaí, cibé acu atá sí ar siúl fós nó nach bhfuil, cibé acu a nochtadh í roimhe seo nó nár nochtadh, agus aon fhianaise a chabhródh leis an nochtadh a mheasúnú.

Tabharfar aird chuí ar gach nochtadh arna bhfáil agus tabharfar aghaidh orthu go cuí.

Is féidir nochtaí cosanta a chur faoi bhráid Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta ag an seoladh seo:

Faoi Rún – An Rannóg um Dhlí agus Comhlíonadh AMHÁIN
Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta
5 George’s Dock
International Financial Services Centre
Dublin 1
D01 X8N7

Teil.: (01) 872 7932

Tuarascálacha Bliantúla maidir le Nochtadh Cosanta

Ceanglaítear le halt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, go bhfoilseofaí tuarascáil gach bliain a bhaineann leis an líon nochtaí cosanta a rinneadh sa bhliain roimhe agus le haon ghníomhartha a rinneadh i leith na nochtaí sin. 

 Tuarascáil Bhliantúil maidir le Nochtadh Cosanta

Tiomantas Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta

Tá Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta tiomanta do na caighdeáin is airde is féidir a bhaint amach ó thaobh oscailteachta, ionracais agus cuntasachta de. Tá dualgas ar Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta a ghnóthaí a sheoladh go cuí, agus chuir sé raon leathan nósanna imeachta agus cód cleachtais i bhfeidhm chun a ghealltanais a chomhlíonadh agus chun stop a chur le míchleachtas, le mí-úsáid agus/nó le héagóiritheacht. Tá Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta ag súil go ndéanfaidh nochtóirí a bhfuil ábhair imní bona fide acu faoi mhíchleachtas den sórt sin teacht chun tosaigh agus na hábhair imní sin a chur in iúl, gan imní a bheith orthu faoi dhíoltas.