Is é cuspóir an Rialálaí a chinntiú:

  • go gcuirtear faoi deara go reáchtálfar an Crannchur Náisiúnta;
  • go gcloítear le téarmaí an Ceadúnais idir an Stát agus an tOibritheoir; 
  • go n-aistrítear chuig an Stát na cistí uile a chruinnítear le haghaidh dea-chúiseanna agus go dtugtar cuntas sna cistí sin; agus 
  • go mbíonn trádmharcanna Crannchuir Náisiúnta á gcosaint. 

Is é díriú an Rialálaí agus a ról á chomhlíonadh aici ná leasanna rannpháirtithe sa Chrannchur Náisiúnta a chosaint agus a chinntiú go ndéanfar ionracas agus inchothaitheacht fhadtréimhseach an Chrannchuir Náisiúnta a chosaint.  A luaithe atá na nithe sin curtha san áireamh, féachann an Rialálaí leis na méideanna le haghaidh dea-chúiseanna a uasmhéadú.

Dearann an Rialtas na paraiméadair le haghaidh oibriú an Chrannchuir Náisiúnta – na cluichí a dhíolann sé, cé leis nó léi a ndíolann sé na cluichí, conas a dhíolann sé na cluichí, cá háit a ndíolann sé na cluichí, agus cén céatadán a thugtar do dhea-chúiseanna – agus coigeartaíonn sé an dearadh le gach Ceadúnas nua. An príomhathrú a tugadh isteach leis an gCeadúnas reatha sa bhliain 2014 ba ea an t-aistriú chuig Oibritheoir earnála príobháidí, agus Ceadúnas 20 bliain dáfa do Premier Lotteries Ireland (PLI) chun an Crannchur Náisiúnta a reáchtáil. Ba é an toradh a bhí ar athruithe eile ná go mbeifí in ann an cainéal ar líne nua le haghaidh díolacháin Chrannchuir Náisiúnta a chur chun cinn, cé go mbeadh rialuithe sonracha i bhfeidhm chun imreoirí a chosaint ar chearrbhachas fadhbach ar líne.

Is ar chomhlíonadh réamhghníomhach atá cur chuige an Rialálaí bunaithe. Baineann an Rialálaí úsáid as a cumhachtaí chun comhlíonadh an Oibritheora a sheiceáil go réamhghníomhach agus chun ardchaighdeáin don Chrannchur Náisiúnta a bhrú chun cinn, in ionad a bheith ag brath go hiomlán ar neamhchomhlíonadh a fhorfheidhmiú tar éis an teagmhais.