Sócmhainn den Stát is ea an Crannchur Náisiúnta agus leanann sé de bheith faoi úinéireacht an Stáit.

Foráiltear le halt 46 den Acht gur don Aire a dhílsítear an cáilmheas a ghabhann leis na hainmneacha “Crannchur Náisiúnta na hÉireann” agus “Crannchur Náisiúnta” agus a macasamhla sa Bhéarla agus le hainm aon chluiche crannchuir a dhéanfar faoin gCeadúnas.

Clause 7 of the Licence reiterates the above and provides that the Minister’s interests extend to any trademark rights attached to the National Athdhearbhaítear an méid thuas le Clásal 7 den Cheadúnas agus foráiltear leis go mbaineann leasanna an Aire le haon chearta trádmhairc atá ceangailte leis an gCrannchur Náisiúnta (e.g., an t-ainm ar chluichí Crannchuir Náisiúnta agus lógó an Chrannchuir Náisiúnta, ar trádmharcanna cláraithe iad). Foráiltear le Clásal 7 den Cheadúnas go bhfeidhmeoidh an Rialálaí, thar ceann an Aire, gach ceart i dtaca le trádmharcanna agus cóipcheart atá dílsithe san Aire. Déanann an Rialálaí an méid sin trína chinntiú go n-úsáideann an tOibritheoir trádmharcanna de réir an Cheadúnais agus nach n-úsáideann tríú páirtithe aon trádmharcanna Crannchuir Náisiúnta gan toiliú.

Tá ceangal ar an Oibritheoir trádmharcanna Crannchuir Náisiúnta a thaispeáint ar threalamh Crannchuir Náisiúnta, ar na comharthaí uile in asraonta miondíola agus ar gach fógra. Tá ceangal air lógó an Chrannchuir Náisiúnta a thaispeáint ar threalamh den sórt sin, ar thicéid agus ar dhoiciméid eile arna dtáirgeadh ag an Oibritheoir. Cabhraíonn sé sin le láithreacht shofheicthe a chinntiú don Chrannchur Náisiúnta, go háirithe i miondíoltóirí, agus cuirtear rannpháirtithe ar a gcompord leis toisc gurb eol dóibh go bhfuil siad i dteagmháil leis an gCrannchur Náisiúnta.

De bhreis air sin, ní mór don Oibritheoir aon úsáid neamhúdaraithe atá á baint ag aon tríú páirtí as na trádmharcanna a shainaithint agus aird an Rialálaí a tharraingt ar an úsáid sin. Ní mór dó gníomhaíocht a dhéanamh chun na trádmharcanna a chosaint, i gcás gur gá, ar ordachán a fháil ón Rialálaí dó.

Déanaimid faireachán leanúnach ar an úsáid a bhaineann an tOibritheoir as trádmharcanna agus cuirimid athbhreithniú struchtúrtha i gcrích gach bliain ar chomhlíonadh an Oibritheora, agus faireachán á dhéanamh ag an am céanna ar aon úsáid a d’fhéadfadh tríú páirtithe a bhaint as trádmharcanna. 

Cuirtear mionsonraí faoin toradh ar na gníomhaíochtaí sin agus faoi aon fhorfheidhmiú arna dhéanamh ar na trádmharcanna ar áireamh sa tuarascáil bhliantúil ón Rialálaí gach bliain, rud is féidir leat a aimsiú anseo.