Tá ceangal ar an Oibritheoir ceadú nó toiliú i scríbhinn a fháil ón Rialálaí de réir an Cheadúnais le haghaidh raon gníomhaíochtaí a dhéanamh sula gcuirfidh sé i bhfeidhm iad chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh siad an creat dlíthiúil.

Rianaire Iarrataí:

Áirítear na nithe seo a leanas leis na gníomhaíochtaí ar ina leith atá ceangal ar an Oibritheoir ceadú nó toiliú i scríbhinn a fháil ón Rialálaí:

  • Cluichí crannchuir atá nua nó leasaithe.
  • Soláthraithe seirbhíse nua.
  • Líne tuairiscithe iniúchóireachta inmheánaí.
  • Tuairiscí incheadaithe ar phróisis agus ar chórais.
  • Athruithe ar Chóid Chleachtais 

Is leagtha amach thíos atá mionsonraí faoi na hiarrataí ar cheadú nó ar thoiliú atá faighte ag an Rialálaí agus faoin bpróiseas agus faoi na seiceálacha atá i bhfeidhm.

Próiseas ceadúcháin

Déanann foireann saineolaithe laistigh d’Oifig an Rialálaí scrúdú ar gach iarraidh chun a mheasúnú an gcomhlíonann sí forálacha iomchuí an Achta agus an Cheadúnais nó nach gcomhlíonann. Is gnách go mbíonn an fhoireann comhdhéanta de na baill foirne seo:

  • an Ceann Iniúchóireachta agus Airgeadais, 
  • Ceann Dlí agus Comhlíonta, 
  • Ceann Cosaint Imreoirí agus Taighde, agus 
  • an Rialálaí í féin.

Tá na seiceálacha a dhéantar deartha chun a chinntiú go n-oibrítear an Crannchur Náisiúnta ar bhealach inbhuanaithe, leis an gcuibheas ar fad is cuí, agus go leagtar béim láidir ann ar chosaint imreoirí.

Mar shampla, cuireann an tOibritheoir na nithe seo a leanas isteach nuair a iarrann sé ceadú le haghaidh cluiche nua nó le haghaidh athrú ar chluiche atá ann cheana:

  • na rialacha cluiche atá beartaithe, 
  • an struchtúr duaiseanna, 
  • íomhánna de shaothar ealaíne an chluiche, 
  • an méid measta le haghaidh dea-chúiseanna, 
  • tuarascáil riosca ar an gcluiche.

Seiceáiltear na nithe sin uile agus aird á tabhairt ar chruinneas, ar shoiléire, ar rioscaí d’imreoirí, ar chomhlíonadh an Chóid Cleachtais um Fhógraíocht agus Cur Chun Cinn, lena n-áirítear faisnéis riachtanach agus trádmharcanna, agus mar sin de.

I gcás nach deimhin leis an Rialálaí go gcomhlíonann iarraidh na forálacha iomchuí, is féidir go ndiúltófar don iarraidh nó is féidir go n-iarrfar ar an Oibritheoir tuilleadh faisnéise nó tuilleadh míniúchán a sholáthar.  Ní mór faisnéis bhreise a sholáthar laistigh de thréimhse ama atá sonraithe sa Cheadúnas. 

Is minic a chuireann an tOibritheoir togra leasaithe nó míniú isteach lena dtugtar aghaidh ar an tsaincheist arna sainaithint ag an Rialálaí chun go bhféadfar an iarraidh a cheadú. I gcás nach mbeidh an tOibritheoir in ann aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní laistigh den teorainn ama, diúltóidh an Rialálaí don iarraidh. 

Is féidir leis an bpróiseas ceadúcháin tréimhse idir ceithre seachtaine agus roinnt míonna a thógáil, ag brath ar chineál agus castacht na hiarrata. In amanna, tarraingíonn an tOibritheoir na hiarrataí siar, rud a tharlaíonn ar chúiseanna éagsúla.