Leagtar Feidhmeanna an Rialálaí síos san Acht um Chrannchur Náisiúnta, 2013, agus áirítear na nithe seo a leanas leo:

 

  1. A chur faoi deara go reáchtálfar an Crannchur Náisiúnta. 
  2. Formhaoirseacht a dhéanamh ar oibriú an Chrannchuir Náisiúnta agus faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Achta agus an Cheadúnais ag an Oibritheoir. 
  3. Ábhair áirithe a bhaineann leis an gCrannchur Náisiúnta a bhreithniú lena gceadú (lena n-áirítear scéimeanna le haghaidh cluichí Crannchuir Náisiúnta). 
  4. Ciste an Chrannchuir Náisiúnta a bhainistiú agus a rialú. 
  5. Cearta forfheidhmiúcháin aon trádmharc de chuid an Chrannchuir Náisiúnta a fheidhmiú.

Tá ceangal ar an Rialálaí na feidhmeanna sin a dhéanamh ar cibé slí is mó is dóigh leis nó léi a chinnteoidh: 

a)  go reáchtálfar an Crannchur Náisiúnta leis an gcuibheas uile is cuí,

b)  go ndéanfar leasanna rannpháirtithe sa Chrannchur Náisiúnta a chosaint,

c)  go ndéanfar inchothaitheacht fhadtréimhseach an Chrannchuir Náisiúnta a chosaint.

agus, faoi réir na bpointí thuas a) go c), a chinntiú go mbeidh na hioncaim arna leithroinnt ar an bPríomh-Chiste lena n-íoc chun na gcríoch a cheadaítear leis an Acht (“Dea-Chúiseanna”) chomh mór agus is féidir faoi réir théarmaí an Cheadúnais.

Níl aon ról ag an Rialálaí in iarratais ar chistí le haghaidh Dea-Chúiseanna ná sna cistí sin a leithroinnt. Ba cheart iarratais ar chistiú a dhéanamh chuig an Roinn Rialtais ábhartha.