Caighdeáin Idirnáisiúnta Chrannchuir

Ceanglaítear ar an Oibritheoir leis an gCeadúnas deimhniú a bhaint amach ag Deimhniú Cearrbhachais Fhreagraigh atá ar Leibhéal 4 ar a laghad de réir chaighdeáin an World Lotteries Association (“WLA”) nó de réir Deimhniú Cearrbhachais Fhreagraigh de réir na gCaighdeán Eorpach maidir le Cearrbhachas Freagrach ó European Lotteries (“EL”).

Ghnóthaigh an tOibritheoir an dá Dheimhniú sin agus déanann an dá eagraíocht iniúchadh air go tréimhsiúil chun go mbeidh sé in ann na deimhnithe sin a choinneáil.