Leis an gCeadúnas, ceanglaítear ar an Oibritheoir na cearta tomhaltóirí atá ag imreoirí a chosaint ar a lán bealaí:

Rialacha Cothroma

Ní mór é a bheith soiléir don phobal conas cluichí Crannchuir Náisiúnta a imirt

Buaiteoir

Ní mór é a bheith soiléir don imreoir cén uair atá duais buaite aige nó aici

Íoctha Amach

Ní mór gach duais a íoc amach go pras

Neamhainmníocht

Coinnítear mionsonraí buaiteoirí go hiomlán faoi rún

Frithchalaois

Sainaithnítear buaiteoirí i gceart

Gearáin

Ní mór gach gearán a réiteach go tapa

Tá tuilleadh ceanglas le fáil sa Chód Cleachtais do Rannpháirtithe, sa Chód Cleachtais Díolacháin agus sa Chód Cleachtais um Fhógraíocht agus Cur Chun Cinn – agus baineann siad leis an Oibritheoir agus le miondíoltóirí araon. Athbhreithnítear gach Cód ar bhonn bliantúil chun a chinntiú go gcuirtear eolas nua, an dea-chleachtas agus aon athruithe ar dhlíthe ábhartha san áireamh ann.

Is féidir faisnéis faoi conas duais a éileamh agus faoi conas gearán a dhéanamh a aimsiú sa rannán dar teideal Comhairle agus Faisnéis.

Ról an Rialálaí

Tugann an Rialálaí an tOibritheoir chun cuntais sa réimse seo trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Rialacha cluichí agus treoracha imeartha a mheasúnú go dian roimh chluichí a cheadú agus bheith san airdeall ar chearta imreoirí.
  • A sheiceáil an bhfuil nó nach bhfuil leibhéal duaiseanna neamhéilithe atá níos airde ná mar is gnách ag cluiche nua.
  • Formhaoirseacht a bheith aici ar an luas ar a n-íocann an tOibritheoir na duaiseanna aonair gach mí, agus seiceálacha a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonann sé na caighdeáin riachtanacha.
  • Athbhreithnithe réamhghníomhacha comhlíonta a dhéanamh ar na rialuithe atá i bhfeidhm ag an Oibritheoir chun calaois a chosc.
  • Faireachán réamhghníomhach a dhéanamh ar dhuaiseanna móra a buadh ach nár éilíodh go fóill, agus a sheiceáil an ndéanann nó nach ndéanann an tOibritheoir iarrachtaí cuí poiblíochta chun an buaiteoir a aimsiú.
  • Formhaoirseacht a bheith aici ar aon ghearáin a fhaigheann an tOibritheoir, a sheiceáil an bhfuil nó nach bhfuil aghaidh á tabhairt ar ghearáin gan mhoill, agus a mheasúnú an bhfuil nó nach bhfuil na gearáin ina léiriú ar fhadhb thromchúiseach nó ar fhadhb shistéamach.
  • Sainchomhairleoirí seachtracha saineolacha a fhostú chun athbhreithnithe réamhghníomhacha a dhéanamh ar ghnéithe d’oibriú an Chrannchuir Náisiúnta, e.g., ullmhacht cibearshlándála.