Conas is féidir liom gearán a dhéanamh faoin gCrannchur Náisiúnta?

Is féidir gearáin faoin gCrannchur Náisiúnta a dhéanamh le hoibritheoir an Chrannchuir Náisiúnta, eadhon Premier Lotteries Ireland (PLI). Is féidir mionsonraí faoi phróiseas gearáin PLI a fháil sa Chód Cleachtais do Rannpháirtithe, atá ar fáil anseo.

Is féidir gearán a chomhdú freisin le hOifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta, i gcás go bhfuil an rannpháirtí den tuairim go ndearnadh sárú ar an Acht um Chrannchur Náisiúnta nó ar an gCeadúnas chun an Crannchur Náisiúnta a Oibriú.  Breithneoidh Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta an gearán ó thaobh na rialála de agus breithneoidh sé cé acu a rinneadh aon sárú ar an Acht um Chrannchur Náisiúnta nó ar an gCeadúnas chun an Crannchur Náisiúnta a Oibriú nó nach ndearnadh.  Ní fhéadfaidh Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta cur isteach ar chinneadh a thagann go hiomlán faoi shainchúram PLI ná an cinneadh sin a athrú. Ní fhéadfaidh sé ach a chinntiú go gcomhlíonann PLI an tAcht agus an Ceadúnas.

Aon rannpháirtí ar mian leis nó léi gearán a dhéanamh le Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta an méid sin a dhéanamh i scríbhinn trí ríomhphost chuig info@rnl.ie nó tríd an bpost chuig

Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta
5 Duga Sheoirse,
L.S.A.I.,
Baile Átha Cliath D01 X8N7

Ba cheart breac-chuntas a thabhairt sa chomhfhreagras ar mhionsonraí iomlána an ghearáin agus a lua ann cé acu a thoilíonn nó nach dtoilíonn an rannpháirtí le heisiúint a mhionsonraí pearsanta nó a mionsonraí pearsanta agus a ghearáin nó a gearáin le PLI. Is féidir le rannpháirtí gearán ó bhéal a dhéanamh le Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta trí ghlao a chur ar 01-8727932. Sa chás sin, scríobhfaidh Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta chuig an rannpháirtí, agus mionsonraí an ghearáin agus aon toiliú le mionsonraí pearsanta a thabhairt do PLI á ndeimhniú.

Caitheann Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta le gach gearán i modh rúin agus ní nochtfar mionsonraí faoi aon ghearán ach amháin de réir an dlí. Ar ghearán a fháil dó, breithneoidh Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta cé acu a thagann nó nach dtagann aon saincheisteanna rialála chun cinn i ndáil leis an ngearán.  Má mheasann Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta go dtagann saincheisteanna rialála chun cinn, imscrúdóidh sé an ní, agus iarraidh á déanamh aige ar PLI aighneacht a dhéanamh. Tar éis na saincheisteanna iomchuí a bhreithniú, is féidir go gcuirfidh Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta an méid seo a leanas in iúl don ghearánach:

  • Ní mheasann Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta gur sárú ar an Acht nó ar an gCeadúnas atá sa tsaincheist a bhfuil gearán á dhéanamh fúithi.
  • Tá sé beartaithe ag PLI aghaidh a thabhairt ar ábhar an ghearáin.

  • Tá tuilleadh gníomhaíochta á dhéanamh ag Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta.

Ag brath ar chastacht an ní, is féidir go dtógfaidh an próiseas seo roinnt ama. Tabharfaidh Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta freagra ar an ngearán ar dtús laistigh de thrí lá oibre.

Ní dhéanann an ceart atá ag rannpháirtí chun gearán faoi PLI a chomhdú le Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta aon difear don cheart atá aige nó aici chun sásamh a lorg sna cúirteanna. Má bhíonn tú míshásta leis an dóigh ar dhéileáil Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta leis an ngearán uait, féach an leathanach dar teideal Cairt Custaiméirí chun tuilleadh mionsonraí a fháil.

Má tharlaíonn sé go dteastaíonn cúnamh ó dhuine a bhfuil míchumas air nó uirthi chun gearán a dhéanamh, féadfaidh sé nó sí teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Rochtana, a chabhróidh leis nó léi a ghearán nó a gearán a dhéanamh. Is í Caroline Hayes an tOifigeach Rochtana agus is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag carolinehayes@rnl.ie nó ag 01-8727932

Tugtar breac-chuntas anseo ar nós imeachta gearáin Oibritheoir an Chrannchuir Náisiúnta.