Conas a ríomhtar na cistí le haghaidh Dea-Chúiseanna?

Cuimsítear sna cistí le haghaidh dea-chúiseanna 65% den difríocht idir an t-airgead iomlán a fhaightear ó dhíolacháin ticéad Crannchuir Náisiúnta agus na duaiseanna a bhuaitear gach bliain.

Dea-Chúiseanna = (Díolacháin – Duaiseanna) x 65%

Chun ríomh na gcistí le haghaidh Dea-Chúiseanna a thuiscint ar bhealach níos mine, féach ár rannán ‘Cistí le haghaidh Dea-Chúiseanna’.