Cé a oibríonn an Crannchur Náisiúnta?

Dámhadh an Ceadúnas chun an Crannchur Náisiúnta a oibriú ar feadh tréimhse 20 bliain dar tosach an 30 Samhain 2014 do Premier Lotteries Ireland (PLI). Cuideachta phríobháideach atá cláraithe in Éirinn chun críche Crannchur Náisiúnta na hÉireann a oibriú agus chun na críche sin amháin is ea PLI.  Tá sí faoi úinéireacht La Française des Jeux (FDJ).

Tá faisnéis faoi PLI agus faoina FDJ scairshealbhóirí ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Chrannchuir Náisiúnta ag: https://www.lottery.ie/about

Tá faisnéis teagmhála le haghaidh Premier Lotteries Ireland ar fáil anseo: https://www.lottery.ie/about/contact-us