Conas a leithroinntear airgead duaise?

Ní mór 50% ar a laghad de dhíolacháin na dticéad agus na scríobchártaí Crannchuir Náisiúnta uile a leithroinnt le haghaidh duaiseanna gach bliain.  Beidh éagsúlacht ó chluiche go cluiche ann sa chéatadán a leithroinntear, agus is féidir é a aimsiú i rialacha an chluiche aonair.

Tá faisnéis mhionsonraithe faoi gach cluiche Crannchuir Náisiúnta ar fáil ag www.lottery.ie. Is féidir an corrlach atá ag baint leis an mbarrdhuais i ngach cluiche a bhuachan, mar aon le miondealú mionsonraithe ar an airgead duaise le haghaidh gach cisil duaise i gcluiche, a fheiceáil i rialacha an chluiche.

Beidh na duaiseanna a íoctar amach gach bliain in aon chluiche ag brath ar na duaiseanna a buadh agus a éilíodh i ndáiríre.