Conas a éilím duais?

Téann duaiseanna Crannchuir Náisiúnta in éag 90 lá tar éis dháta na tarraingthe nó ar an dáta deiridh ar a bhféadfar scríobchárta a dhíol. Léirítear an dáta éaga le haghaidh duais scríobchárta ar chúl an ticéid.

Is féidir duaiseanna a éileamh ó ghníomhairí miondíola, ó ionaid éilimh duaiseanna postoifige agus ó cheanncheathrú an Chrannchuir Náisiúnta. Is ar fáil ag lottery.ie/useful-info/how-to-claim atá mionsonraí iomlána faoi conas is féidir duais a éileamh.

Imfhálaítear lena gcaitheamh ar an gCrannchur Náisiúnta a chur chun cinn aon duaiseanna nach n-éilítear in am.

Seiceálann an Rialálaí go bhfuil sé soiléir d’imreoirí cén uair atá duais buaite acu agus go ndéanann an tOibritheoir a dhícheall éilimh duaiseanna a éascú – lena n-áirítear feachtais chaidrimh phoiblí a sheoladh le haghaidh duaiseanna pota óir.