Conas a leithroinntear na fáltais ó dhíolacháin ticéad Crannchuir Náisiúnta?

Ní mór an t-airgead iomlán a fhaightear ó dhíolacháin Chrannchuir Náisiúnta in aon bhliain airgeadais a leithroinnt mar a leanas:

Duaiseanna: 50% ar a laghad den airgead iomlán a fhaightear ar fud na gcluichí uile.

Miondíoltóirí: Coimisiún 6% ar dhíolacháin (seachas Lotto 5-4-3-2-1, áit arb ionann an coimisiún agus 5%).

Dea-Chúiseanna: 65% den difríocht idir an t-airgead iomlán a fhaightear agus na duaiseanna a bhuaitear. Dea-Chúiseanna = (Díolacháin – Duaiseanna) x 65%

Rialálaí: Tobhach €1.5 milliún sa chéad bhliain, a innéacsaítear gach bliain ina dhiaidh sin ar aon dul leis an bPraghasinnéacs Tomhaltóirí.  Is é €1,779,800 an tobhach don bhliain 2024.

Oibritheoir: Faigheann an tOibritheoir an chuid eile atá fágtha tar éis an t-airgead i leith duaiseanna, dea-chúiseanna, miondíoltóirí agus thobhach an Rialálaí a leithroinnt. Cuireann an tOibritheoir é sin chun feidhme maidir leis an gcostas a bhaineann leis an gCrannchur Náisiúnta a dhéanamh, agus maidir le haon bhrabús.