Leis an gCeadúnas chun an Crannchur Náisiúnta a oibriú, ceanglaítear ar an Oibritheoir Chód Cleachtais shonracha a bheith aige: Díolacháin; Rannpháirtithe; Fógraíocht agus Cur Chun Cinn Nósanna Imeachta.

Déanann an tOibritheoir athbhreithniú ar gach Cód ar bhonn bliantúil. Ní mór aon athruithe a bheith ceadaithe ag an Rialálaí lena n-úsáid.  Ar an mbealach sin, cuireadh caighdeáin nua isteach sna Cóid le himeacht ama, agus iad ag cur leis na cosaintí atá i bhfeidhm d’imreoirí agus don phobal.