Tá an raon iomlán straitéisí a úsáidfidh Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta chun tacú le gach ceann de na cúig sprioc straitéiseacha atá againn go dtí an bhliain 2024 leagtha amach sa Ráiteas Straitéise seo.

Úsáidfear gach straitéis ar bhealach ina gcuirfear san áireamh an timpeallacht reatha ina mbeidh formhaoirseacht rialála ar an gCrannchur Náisiúnta á déanamh. 

Áirítear leis an timpeallacht seo: laghdú in airgead tirim agus ar an aistriú i dtreo féinseirbhíse sa mhiondíol,  teicneolaíocht a bhíonn ag athrú go mear, agus teacht rialálaí cearrbhachais in Éirinn.

Ráiteas Straitéise 2022


Spriocdhírítear cúig straitéis go sonrach ar an timpeallacht réamh-mheasta tráchtála, shóisialta agus rialála sa tréimhse trí bliana.  Tá na straitéisí sin achoimrithe mar a leanas:

  1. Dearbhú saineolach neamhspleách a fháil maidir le gnéithe de chórais agus rialuithe an Oibritheora a bhaineann le slándáil sonraí céannachta imreoirí agus buaiteoirí.
  2. Códú a dhéanamh ar na cleachtais fhreagracha chearrbhachais atá i bhfeidhm chun imirt fhadhbach a chosc agus chun sainaithint a dhéanamh ar réimsí lena bhfeabhsú.
  3. Tabhairt faoi chleachtadh rúnsiopadóra faoi aois chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh ar chosc a chur ar dhíolacháin le mionaoisigh, i gcomparáid leis an mbonnlíne a bunaíodh sa bhliain 2018, agus aon ghníomh riachtanach a dhéanamh.
  4. Faisnéis níos inrochtana a sholáthar don phobal faoin dóigh a rialáiltear an Crannchur Náisiúnta agus faoin dóigh a ríomhtar an méid a íoctar le Dea-Chúiseanna agus faoin dóigh a n-aistrítear chuig an Státchiste é.
  5. Obair hibrideach nua a thabhairt isteach ar mhodh a thacaíonn le feidhmíocht éifeachtach agus a chomhlíonann spriocanna nua don chianobair agus don athrú aeráide.