Ceanglaítear na nithe seo a leanas leis an Acht um Chrannchur Náisiúnta, 2013, agus leis an gCeadúnas a dámhadh faoi:

Ceanglaítear leis an Acht nach mór duaiseanna a bheith cothrom ar an meán le 50% ar a laghad de dhíolacháin ar fud na punainne de chluichí Crannchuir Náisiúnta gach bliain.  

Ceanglaítear leis an gCeadúnas gurb é 65% den difríocht idir díolacháin agus duaiseanna an méid a leithroinntear ar Dhea-Chúiseanna. 

Dea-Chúiseanna = (Díolacháin – Duaiseanna) x 65%

Ar leibhéal an chluiche aonair, agus ‘Lotto’ a bheith á thógáil mar shampla: In aghaidh gach €1 a chaitear ar thicéid ‘Lotto’ gach seachtain:

Úsáidtear 52 cent chun duaiseanna a chistiú.

Coinnítear 31.2 cent le haghaidh dea-chúiseanna = 65% de €1 (52c).

Tugtar 6 cent don mhiondíoltóir mar choimisiún.

Tugtar an méid 10.8c atá fágtha don Oibritheoir, rud óna n-íocann sé na costais a bhaineann leis an gcluiche a oibriú.

Déanann oifigigh an Rialálaí seiceálacha gach seachtain de réir an chluiche ar an dóigh a bhfuil an tOibritheoir ag leithroinnt ioncam ó dhíolacháin ar dhuaiseanna agus ar dhea-chúiseanna.

Duaiseanna Iarbhír a Buadh agus Méideanna a Tuilleadh le haghaidh Dea-Chúiseanna mar % de Dhíolacháin *

Source: Premier Lotteries Ireland (DAC) audited accounts
Source: Premier Lotteries Ireland (DAC) audited accounts

Amharc ar shonraí i bhformáid tábla

Bliain Duaiseanna a Buadh Dea-Chúiseanna

2015

56.8%

28%

2016

56.3%

28.4%

2017

56.5%

28.3%

2018

56.3%

28.4%

2019

56.2%

28.4%

2020

57.6%

27.6%

2021

55.6%

28.9%

2022

54.8%

29.4%

* Tógadh na céatadáin ó na méideanna iniúchta a tuairiscíodh i gcuntais an Oibritheora.