Níl aon ról ag an Rialálaí in iarratais ar chistí le haghaidh dea-chúiseanna ná sna cistí sin a dháileadh.  Ba cheart iarratais ar chistiú a dhéanamh chuig an Roinn Rialtais ábhartha.

Ó uair a bhunaithe i leith, tá breis agus €6 billiún cruinnithe ag an gCrannchur Náisiúnta le haghaidh dea-chúiseanna. 

De réir alt 41 den Acht um Chrannchur Náisiúnta, cuirtear na suimeanna sin chun feidhme chun na gcríoch seo a leanas de réir mar a chinneann an Rialtas:

(a) spórt agus caitheamh aimsire;
(b) an cultúr agus an oidhreacht náisiúnta (lena n-áirítear an Ghaeilge);
(c) na healaíona (de réir bhrí an Achta Ealaíon, 2003);
(d) sláinte an phobail;
(e) an óige, leas agus taitneamhachtaí;
(f) an comhshaol nádúrtha;
(g) cibé críocha eile (más ann) a chinnfidh an Rialtas ó am go ham.

Ba cheart iarratais ar chistiú a dhéanamh tríd an Roinn Rialtais ábhartha.

Is é an rún atá leis an bhfaisnéis seo a leanas cabhrú le duine aonair/le heagraíocht a dhéanamh amach cé air nó uirthi ar cheart dó nó di a fhiosrú nó a fiosrú maidir le cistiú Crannchuir Náisiúnta a fháil a chur.

  • Spórt (lena n-áirítear an Clár Caipitiúil Spóirt agus Spórt Éireann) – Eisítear cistiú tríd an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil agus iarratais a dhéanamh ag https://www.sportscapitalprogramme.ie nó ar shuíomh Gréasáin Spórt Éireann.
  • Na healaíona – Soláthraítear cistiú trí Chomhairle Ealaíon na hÉireann. Is féidir iarratais a dhéanamh ag suíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon.
  • An oidhreacht – Riartar cistiú trí Chomhairle Oidhreachta na hÉireann. Is féidir iarratais a dhéanamh ag suíomh Gréasáin  na Comhairle Oidhreachta.
  • An óige – Soláthraítear cistiú tríd an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus is féidir mionsonraí faoin scéim a aimsiú ar an suíomh Gréasáin Gnóthaí Óige..
  • Sláinte — Soláthraítear cistiú trí Dheontas Crannchuir Náisiúnta Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), ar féidir mionsonraí faoi a aimsiú ar shuíomh Gréasáin HSE.
  • An pobal — Riartar cistiú tríd an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus áirítear leis an Scéim chun Tacú le hEagraíochtaí Náisiúnta, ar féidir mionsonraí fúithi a aimsiú ar an suíomh Gréasáin ar a bpléitear  Cistiú d’Eagraíochtaí Deonacha, agus ar shuíomh Gréasáin na Scéime Foláirimh do Sheanóirí.
  • An Ghaeilge — Is féidir iarratas a dhéanamh ar chistiú le haghaidh an Ghaeilge a chur chun cinn ar an suíomh Gréasáin  Scéimeanna Tacaíochta Teanga.