Bunaíodh Ciste an Chrannchuir Náisiúnta faoin Acht um Chrannchur Náisiúnta, 1986, agus leantar leis faoin Acht um Chrannchur Náisiúnta, 2013, mar chuntas aonair a choimeádtar le Banc Ceannais na hÉireann. Is é an Rialálaí a dhéanann an Ciste a bhainistiú agus a rialú.

Gach seachtain, athbhreithníonn an Rialálaí an “tuarascáil ar shocraíochtaí seachtainiúla” ón Oibritheoir maidir le díolacháin ticéad Crannchuir Náisiúnta, a mhéid a bhaineann le gach scríobchárta, gach cluiche tarraingtbhunaithe agus gach cluiche bua mheandraigh ar líne. Déantar seiceálacha ar na méideanna a leithroinneadh ar dhuaiseanna, ar dhea-chúiseanna, ar mhiondíoltóirí agus ar an Oibritheoir. Déanann Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta crostagairt idir an fhaisnéis airgeadais sin agus sonraí fíor-ama ó chóras cearrbhachais an Oibritheora freisin.

Tá na seiceálacha seachtainiúla sin mar chuid de mhórchóras rialaithe atá ceaptha chun a chinntiú go dtabharfar cuntas cuí ar na hioncaim a chruinnítear ó thicéid Chrannchuir Náisiúnta a dhíol, ar an méid a íoctar amach mar dhuaiseanna, ar an méid a leithroinntear ar dhea-chúiseanna agus ar an gcéatadán a íoctar le miondíoltóirí.

Faigheann an Rialálaí airgead ó thicéid Chrannchuir Náisiúnta a dhíol gach seachtain le haghaidh oibreoir, lúide na duaiseanna a d’íoc miondíoltóirí amach sa tseachtain agus coimisiúin na miondíoltóirí, agus déanann sí an íocaíocht chuí le Cuntas Ciste Duaiseanna an Oibritheora agus le cuntas oibriúcháin an Oibritheora féin agus i leith thobhach an Rialálaí. Déanann an Rialálaí na méideanna le haghaidh dea-chúiseanna ó thicéid Chrannchuir Náisiúnta a dhíol a choimeád sa Chiste gach seachtain agus aistrítear chuig an Státchiste iad gach dhá mhí. Déantar coigeartú bliantúil chun an difríocht idir na praghsanna iarbhír a buadh sa bhliain airgeadais roimhe a léiriú i gcomparáid leis na méideanna a measadh a bheadh ag teastáil chun duaiseanna a íoc.

An ghluaiseacht sheachtainiúil airgid isteach i gCiste an Chrannchuir Náisiúnta agus amach as

Leantar na céimeanna seo a leanas ar bhonn seachtainiúil, de réir théarmaí an Cheadúnais:

CÉIM 1

Taisceann an tOibritheoir sa Chiste méid iomlán an díolacháin ticéid, glan ó choimisiúin mhiondíoltóirí agus ó dhuaiseanna beaga arna n-íoc ag miondíoltóirí.

CÉIM 2

Aistríonn an Rialálaí an méid i leith duaiseanna, seachas méideanna i leith duaiseanna beaga, don tseachtain ón gCiste chuig an Oibritheoir.

CÉIM 3

Forchoimeádann an Rialálaí sa Chiste an méid i leith Dea-Chúiseanna.

CÉIM 4

Aistríonn an Rialálaí an méid atá dlite i leith thobhach an Rialálaí.

CÉIM 5

Aistríonn an Rialálaí an méid atá fágtha i leith na seachtaine chuig an Oibritheoir.

Aistriú démhíosúil ó Chiste an Chrannchuir Náisiúnta chuig an Státchiste

Aistríonn an Rialálaí chuig an Státchiste gach dhá mhí na méideanna le haghaidh dea-chúiseanna a choimeádtar sa Chiste gach seachtain. Is é an tAire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe a shocraíonn minicíocht na n-aistrithe.

Coigeartú bliantúil

Ar bhonn bliantúil, i riaráiste, déantar coigeartú chun an difríocht idir na praghsanna iarbhír a buadh sa bhliain airgeadais roimhe a léiriú i gcomparáid leis na méideanna a measadh a bheadh ag teastáil chun duaiseanna a aistríodh chuig Cuntas an Chiste Duaiseanna le linn na bliana a íoc. Is féidir leis sin a bheith mar chúis le méadú nó laghdú sna méideanna a aistrítear chuig an Státchiste le haghaidh dea-chúiseanna, ag brath ar cé acu ab ísle nó ab airde na duaiseanna a buadh ná an luach a rabhthas ag súil leis ón taobh staitistiúil de.