Cad is Nochtadh Cosanta ann?

De réir an mhínithe in Acht 2014, is é is nochtadh cosanta ann ná nochtadh faisnéise ar dóigh go léirítear inti, i dtuairim réasúnach an oibrí, go ndearnadh éagóiritheoireacht iomchuí amháin nó níos mó, a tháinig ar aird an oibrí i dtaca le fostaíocht an oibrí, agus a nochtar ar an mbealach atá leagtha amach in Acht 2014. Gairtear “sceithireacht” ó am go ham de nochtadh cosanta a dhéanamh.

Raon feidhme

Forordaítear Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta le hIonstraim Reachtúil Uimh. 367 de 2020 – An tOrdú fán Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 (Nochtadh do Dhaoine Forordaithe), 2020, chun nochtaí cosanta a fháil faoin Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 (“Acht 2014”), ó oibrithe seachtracha nach oibrithe de Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta.

Tiomantas Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta

Tá Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta tiomanta do na caighdeáin is airde is féidir a bhaint amach ó thaobh oscailteachta, ionracais agus cuntasachta de. Tá dualgas ar Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta a ghnóthaí a sheoladh go cuí, agus chuir sé raon leathan nósanna imeachta agus cód cleachtais i bhfeidhm chun a ghealltanais a chomhlíonadh agus chun stop a chur le míchleachtas, le mí-úsáid agus/nó le héagóiritheoireacht. Tá Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta ag súil go ndéanfaidh nochtóirí a bhfuil ábhair imní bona fide acu faoi mhíchleachtas den sórt sin teacht chun tosaigh agus na hábhair imní sin a chur in iúl, gan imní a bheith orthu faoi dhíoltas.

Conas is féidir nochtadh cosanta a dhéanamh do Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta

Chun nochtadh cosanta a dhéanamh do Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta, ní mór d’oibrí a chreidiúint le réasún go bhfuil an fhaisnéis a nochtar, agus aon líomhain atá san fhaisnéis sin, fíor go substaintiúil agus go mbaineann an éagóiritheoireacht iomchuí leis an dóigh a gcomhlíonann oibritheoir an Chrannchuir Náisiúnta an tAcht um Chrannchur Náisiúnta, 2013 (Uimh. 13 de 2013), agus téarmaí agus coinníollacha an cheadúnais a deonaíodh don oibritheoir.

Ní mór an fhaisnéis a nochtadh ar an mbealach atá leagtha amach in Acht 2014 agus ba cheart na nithe seo a leanas a bheith san fhaisnéis:

  • Ainm agus mionsonraí teagmhála (glactar le nochtaí gan ainm ach níl siad chomh cumhachtach céanna in aon chor agus tá sé i bhfad níos doilí aghaidh a thabhairt orthu).
  • Ráiteas á rá go bhfuil an nochtadh á dhéanamh faoin Acht um Nochtadh Cosanta, 2014.
  • Ainm aon duine nó aon eagraíochta lena mbaineann.
  • Tuairisc mhionsonraithe agus a oiread faisnéise agus is féidir maidir leis an éagóiritheoireacht líomhnaithe, lena n-áirítear dátaí a tharla an éagóiritheoireacht líomhnaithe nó ar sainaithníodh í orthu (más eol), cibé acu atá sí ar siúl fós nó nach bhfuil, cibé acu a nochtadh í roimhe seo nó nár nochtadh (agus, má nochtadh í, cé dó ar nochtadh í agus cén uair a nochtadh í), agus aon fhianaise a chabhródh leis an nochtadh a mheasúnú.

Tabharfar aird chuí ar gach nochtadh arna bhfáil, déileálfar orthu i modh rúin agus tabharfar aghaidh orthu go cuí.

Is féidir nochtaí cosanta a chur faoi bhráid Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta ag an seoladh seo:

Faoi Rún – An Rannóg um Dhlí agus Comhlíonadh AMHÁIN
Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta
5 Duga Sheoirse
An Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta
Baile Átha Cliath 1
D01 X8N7

Teil.: (01) 872 7932

Ríomhphost: protecteddisclosures@rnl.ie

An Próiseas

Admháil

Déanfar admháil á rá go bhfuarthas nochtadh ó oibrí seachtrach a eisiúint i scríbhinn agus laistigh de sheacht lá féilire ón nochtadh a fháil.

Measúnú Tosaigh

Déanfaidh Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta measúnú tosaigh ar gach nochtadh a fhaightear, chun a chinneadh an bhfuil fianaise prima facie ann á léiriú go bhféadfadh gur tharla éagóiritheoireacht iomchuí nó nach bhfuil agus ar cheart caitheamh leis an nochtadh mar nochtadh cosanta nó nár cheart.

Tar éis measúnú tosaigh a dhéanamh, féadfaidh an Rannóg Dlí agus Comhlíonta a chinneadh:

  • nach bhfuil aon fhianaise ann ar éagóiritheoireacht nó go bhfuil an éagóiritheoireacht de chineál neamh-thromchúiseach, nach gá aon ghníomh leantach a dhéanamh ina leith, agus gur féidir an ní a dhúnadh;
  • nach bhfuil in aon fhaisnéis a nochtar aon fhaisnéis nua i gcomparáid le nochtadh roimhe seo a ndearna oibrí seachtrach é;
  • nach mbaineann an nochtadh le nithe nach bhfuil faoi raon feidhme fheidhm rialála Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta faoi Acht 2013 agus gur gá an ní a tharchur chuig duine forordaithe eile nó chuig an gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta; nó
  • go bhféadfadh gur tharla éagóiritheoireacht iomchuí agus gur gá gníomh cuí (e.g., imscrúdú) a dhéanamh.

Imscrúdú

Má mheasann an Rannóg Dlí agus Comhlíonta gur fiú tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh ar an nochtadh, is féidir go n-iarrfaidh sí saineolas seachtrach ansin faoina rogha féin chun cabhrú léi. I gcás go measfar é a bheith cuí, is féidir go ndéanfar na nithe a tharraingítear anuas a tharchur chuig gníomhaireachtaí seachtracha lena n-imscrúdú, e.g., an Garda Síochána nó trí chineál éigin eile fiosrúcháin neamhspleách.

Is féidir go n-iarrfar ar oibrithe seachtracha faisnéis atá ábhartha don nochtadh a sholáthar chun cabhrú le fíricí breise a dhéanamh amach. De bhreis air sin, is féidir, i gcás gur cuí, go n-iarrfar ar an lucht ardbhainistíochta in Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta cabhair a thabhairt sa phróiseas. In imthosca áirithe, is féidir go n-iarrfar ar oibrí seachtrach freagra a thabhairt, bíodh sé go pearsanta nó trí idirghabhálaí, ar cheisteanna a chuireann duine atá faoi réir imscrúdaithe.

Beidh aon imscrúdú a dhéanfaidh Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta ag teacht le feidhmeanna agus cumhachtaí Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta faoin Acht um Chrannchur Náisiúnta, 2013.

Aiseolas

Aiseolas maidir le nochtaí – chun oibrithe seachtracha a choinneáil ar an eolas faoin bpróiseas agus faoi na gníomhartha a eascraíonn as nochtadh a rinne siad agus na cúiseanna leis na gníomhartha sin – tabharfar d’oibrithe seachtracha é a luaithe is indéanta agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná trí mhí ó admháil á rá go bhfuarthas an nochtadh ón oibrí seachtrach.

Féadfaidh oibrí seachtrach a iarraidh (i scríbhinn) go dtabharfaí tuilleadh aiseolais dó/di maidir lena nochtadh ag eatraimh trí mhí tar éis aiseolas a thabhairt don oibrí seachtrach den chéad uair agus go dtí go ndúnfar aon nós imeachta a bhaineann lena nochtadh.

Caithfear i modh rúin leis an aiseolas ar fad a gheobhaidh oibrí seachtrach.

Déanfaidh Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta dianiarracht an t-oibrí seachtrach a chur ar an eolas faoin toradh deiridh ar an bpróiseas, más cuí, ach ní sholáthróidh sí d’oibrí seachtrach aon fhaisnéis phearsanta a bhaineann le haon duine eile (lena n-áirítear aon smachtbhanna araíonachta a tugadh in aghaidh an duine eile sin).

Tacaíochtaí

Chuir Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta tacaíochtaí cuí i bhfeidhm d’oibrithe seachtracha ar mian leo nochtadh cosanta a dhéanamh. Sula ndéanann siad nochtadh, féadfaidh oibrithe seachtracha labhairt lena mbainisteoir líne, leis an Rannóg Dlí agus Comhlíonta nó le cibé ball foirne eile atá ceaptha ag Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta chun cabhrú leis an Rannóg Dlí agus Comhlíonta dearbhuithe a fháil nó ceisteanna a chur roimh nochtadh a dhéanamh.

Féadfaidh oibrithe seachtracha labhairt leis an Rannóg Dlí agus Comhlíonta freisin más mian leo faisnéis a fháil maidir le cá háit ar féidir leo comhairle neamhspleách a fháil (amhail línte cabhrach saor in aisce, ionaid comhairle dlí agus ionaid um chomhairle do shaoránaigh), mar aon le tacaíocht a fháil, má tá siad ag smaoineamh ar nochtadh a dhéanamh nó má tá nochtadh déanta acu.

Soláthraíonn Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta foinsí faisnéise agus tacaíochta: www.opdc.ie

Taifid

Déanfar taifid ar gach nochtadh a fhaigheann Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta, lena n-áirítear toradh aon nochtaí, a choinneáil i gcomhréir le Beartas Coinneála Taifead Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta. Dá bhrí sin, coimeádfar taifid i dtimpeallacht rúnda shlán. Ní choinneofar taifid den sórt sin ach amháin chomh fada agus is gá agus is comhréireach chun go gcinnteoidh Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta go gcomhlíonfar an reachtaíocht.

Níl feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, maidir le haon taifid a bhaineann le nochtadh cosanta a dhéantar d’Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta. Is faoi réir Saoráil Faisnéise atá taifid a bhaineann leis an riaradh ginearálta a dhéanann comhlacht poiblí ar a fheidhmeanna faoin Acht, áfach.

Cosaint Sonraí

Is féidir go mbeidh próiseáil sonraí pearsanta i gceist le nochtaí cosanta, lena n-áirítear mionsonraí pearsanta an duine thuairiscithe agus, b’fhéidir, sonraí pearsanta maidir le daoine lena mbaineann nó le tríú páirtithe eile.

Chuir Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta Beartas Cosanta Sonraí chun feidhme ina leagtar amach na himthosca ina bhféadfadh forálacha an Achta difear a dhéanamh do chearta daoine aonair faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Más mian le hoibrí seachtrach tuilleadh faisnéise a fháil faoin mbeartas sin, is féidir leis/léi déanamh amhlaidh trí theagmháil a dhéanamh le Cian O’Sullivan, Oifigeach Cosanta Sonraí, ag dpo@rnl.ie.

 Tuarascálacha Bliantúla maidir le Nochtadh Cosanta

Ceanglaítear le halt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, go bhfoilseofaí tuarascáil gach bliain a bhaineann leis an líon nochtaí cosanta a rinneadh sa bhliain roimhe agus le haon ghníomhartha a rinneadh i leith na nochtaí sin. 

Tuarascáil Bhliantúil maidir le Nochtadh Cosanta