Carol Boate Uasal

Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta

Tathantóir agus cleachtóir ag a bhfuil taithí sa réimse um rialáil níos fearr ar mhaithe le tomhaltóirí agus leis an ngeilleagar is ea Carol Boate Uasal. Tá aici céimeanna B.A. agus M.Sc. in Eacnamaíocht, mar aon le dioplómaí iarchéime i nDlí Iomaíochta an Choimisiúin Eorpaigh agus i Rialachas Rialála. Sular ceapadh í mar Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta, bhí Carol Boate ar an Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha agus, roimhe sin, bhí sí ar an Stiúrthóir um Rialáil agus Caidreamh Gnó sa Choimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí. Roimhe sin fós, d’oibrigh sí san Údarás Iomaíochta, go príomha sna réimsí um chumaisc agus éadálacha a rialáil agus um thathant a dhéanamh ar son athruithe ar dhlíthe agus rialacháin lena gcuirtear bac ar iomaíocht éifeachtach.

An tUasal Derek Donohoe

Leas-Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta/Ceann Iniúchóireachta agus Airgeadais

Comhalta de Chuntasóirí Cairte Éireann is ea an tUasal Donohoe agus tá Dioplóma i gCuntasaíocht Fhóiréinseach aige. Tá níos mó ná 35 bliana caite aige i róil ag déileáil le cúrsaí cuntasaíochta agus iniúchóireachta. Tá sé ina iar-chomhpháirtí i bpríomhchleachtadh cuntasaíochta in Éirinn. Tá taithí fhairsing aige ar réimsí amhail iniúchóireacht, tuairisciú airgeadais, cuntasaíocht fhóiréinseach, rialachas corparáideach, comhlíonadh agus athbhreithnithe díchill chuí. Chaith sé roinnt mhaith blianta ag soláthar seirbhísí iniúchóireachta agus comhlíonta do phunann eintiteas rialáilte san earnáil airgeadais.

An tUasal Cian O’Sullivan

Ceann Dlí agus Comhlíonta

Tá an tUasal O’Sullivan ina chomhalta de Dhlí-Chumann na hÉireann. Cháiligh sé mar aturnae sa bhliain 2001. Tá céim Bhaitsiléara i nDlí Sibhialta agus Céim Mháistreachta i nDlí aige. Chomh maith leis sin, tá dioplómaí iarchéime aige ar bhronn Dlí-Chumann na hÉireann, Institiúid Cánachais na hÉireann agus an Cumann Árachas Saoil iad. Bhí sé ina chigire le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim sular ceapadh é chuig Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta. D’oibrigh sé roimhe sin san aonad dlí agus san aonad comhlíonta i gcuideachta mhór árachais agus i ngnólacht mhór dlí.

Siobhan Phillips Uasal

Ceann Cosaint Imreoirí agus Taighde

Tá Siobhan Phillips ina Síceolaí Cairte le Cumann Síceolaithe Éireann agus tá céimeanna M.Sc., H. Dip agus BA i Síceolaíocht aici. Sula ndeachaigh Siobhan isteach i bhfoireann Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta, bhí sí ar an gCeann Bonneagair Thaighde agus Meastóireachta i bhFondúireacht Eolaíochta na hEorpa. Tá sí ag obair go gairmiúil le fada i dtaighde agus meastóireacht beartais phoiblí mar chomhairleoir agus mar speisialtóir meastóireachta. Tá roinnt mhaith tuarascálacha foilsithe aici in Éirinn agus ar leibhéal idirnáisiúnta freisin. Bhí sí ar Cheann an Aonaid Meastóireachta Tionscail um Chistí Struchtúracha AE sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ar feadh roinnt blianta agus bhí sí ina Meastóir Clár do Chiste Sóisialta na hEorpa freisin.

An tUasal David Scot

Cuntasóir

Tá an tUasal Scott ina Chomhalta den Institiúid Chairte um Airgeadas Poiblí agus Cuntasaíocht agus tá céim BSc i Matamaitic aige. Tá níos mó ná 25 bliana caite aige i róil airgeadais, chuntasaíochta, iniúchóireachta agus rialachais chorparáidigh. Sula ndeachaigh sé isteach i bhfoireann Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta, bhí David ina Bhainisteoir Airgeadais agus Riaracháin leis an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, ar ról é inar rialáil sé eintitis a fhaigheann cistiú deontais. Roimhe sin fós, bhí poist aige san earnáil oideachais tríú leibhéal agus san earnáil rialtais áitiúil in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.