Tá Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta tiomanta dá shuíomh Gréasáin a dhéanamh inrochtana de réir Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí), 2020. 

Comhlíonann an suíomh Gréasáin seo leibhéal AA de Threoirlínte Inrochtaineachta Inneachair Gréasáin 2.1 agus tástáladh é trí úsáid a bhaint as an  Uirlis Mheastóireachta Inrochtaineachta Gréasáin WAVE arna cumhachtú ag WebAIM. 

Agus an méid seo á scríobh (féach an dáta thíos), fuair an URL https://www.rnl.ie: 
0 earráid, 0 earráid chodarsnachta agus 0 rabhadh/foláireamh.
Thuairiscigh sé 8 ‘ngné’ dhearfacha agus 15 Eilimint Struchtúrtha freisin. 

I gcás nach bhfuil rochtain ar inneachar, amhail íomhá, rinneamar iarracht aon mhionsonraí ábhartha ón íomhá sin a chur ar áireamh san inneachar inrochtana, bíodh sé ar an aon leathanach amháin nó laistigh den aon rannán amháin den suíomh Gréasáin. I gcás go n-úsáidtear íomhá chun críocha maisiúla agus chucu sin amháin, coinníodh an téacs ‘malartach’ folamh agus, ina lán cásanna, d’ordaíomar go ndéanfadh léitheoirí scáileáin neamhiontas den íomhá sin trí thréith folaithe ARIA a úsáid. 

Táimid tiomanta d’inrochtaineacht dhigiteach agus, dá mba mhaith leat iarraidh a dhéanamh le haghaidh aon inneachair nach féidir leat a aimsiú nó dá mba mhaith leat fógra a thabhairt dúinn faoi aon chuid den suíomh Gréasáin nach féidir leat a rochtain nó a bhfuil an chuma uirthi nach bhfuil sí comhlíontach, tá fáilte romhat déanamh amhlaidh trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag info@rnl.ie nó trí ghlao a chur ar 01 8727932.

Tá feidhm ag an ráiteas inrochtaineachta seo maidir leis an suíomh Gréasáin seo, atá lonnaithe ag www.rnl.ie.
Ullmhaíodh an ráiteas an 03 Lúnasa 2023.