Déanann an Rialtóir monatóireacht ar ghníomhaíochtaí an Oibreora (Premier Lotteries Ireland) de réir a chuspóirí reachtúla d’fhonn a chinntiú go gcomhlíontar an tAcht agus an Ceadúnas. Áiríonn an mhaoirseacht sin:
- Rochtain leanúnach agus anailís ar shonraí ó chórais ghnó an Oibreora.
- Maoirseacht ar phróisis agus rialuithe arna gcur i bhfeidhm ag an Oibreoir.
- Fáil agus breithniú ar thuarascálacha arna bhfáil ón Oibreoir.
De bhreis air sin, déanann Oifig Rialtóir an Chrannchur Náisiúnta athbhreithnithe agus imscrúduithe ad hoc a reáchtáil agus eisíonn iarratais le haghaidh tuarascálacha nó faisnéis i ndáil le nithe éagsúla.
Ardaítear torthaí ón bhfeidhm mhaoirseachta leis an Oibreoir agus d’fhéadfadh an tOibreoir cinneadh dul i ngleic leis na cúrsaí sin. Féadfaidh sé sin freisin a bheith ina bhonn is taca do chinntí i ndáil le faomhadh faoi alt 23 den Cheadúnas nó féadfaidh bearta eascairt as ar ghá iad a ghlacadh de réir fheidhm forfheidhmiúcháin an Rialtóra.