Leagtar amach i gCuid 6 den Acht um Chrannchur Náisiúnta 2013 na forálacha forfheidhmiúcháin. Faoin Acht, i gcás go bhfuil an Rialtóir den tuairim go bhfuil cúinsí i gceist a thugann le fios gur iomchuí é imscrúdú agus tuairisciú a dhéanamh ar aon sárú dealraitheach ar an Acht nó ar an gCeadúnas, féadfaidh sé nó sí duine a cheapadh (Imscrúdaitheoir) chun imscrúdú a dhéanamh ar an sárú dealraitheach.
Faoi Chuid 6 tá sé de chumhacht ag an Imscrúdaitheoir dul isteach in áitribh an Oibreora agus féadfaidh sé nó sí rochtain a fháil ar aon taifead arna gcoinneáil ann, iad a iniúchadh agus cóipeanna a thógáil de na taifid sin, ar taifid iad a aimsíonn an tOibreoir nó a thugtar dó/di. Mura ndéantar comhoibriú leis an imscrúdú, gan leithscéal réasúnta, is ionann agus cion é sin faoin Acht.
I gcás go bhfuil an tImscrúdaitheoir den tuairim gur sáraíodh an tAcht nó an Ceadúnas nó i gcás gur dhiúltaigh an tOibireoir ansin bheadh 10 lá ag an Oibreoir chun uiríll a dhéanamh leis an Rialtóir.
I gcás go gcinnfidh an Rialtóir, tar éis aird a thabhairt ar aon uiríoll a rinne an tOibreoir, gur sáraíodh an tAcht nó an Ceadúnas nó nár comhoibríodh go hiomlán leis an imscrúdú, féadfaidh sé treoir a thabhairt ina sonrófar cén sárú a tharla agus éileamh ar an Oibreoir deireadh a chur leis an ngníomh/na gníomhartha sonraithe agus comhlíonfaidh an tOibreoir láithreach an treoir sin. Nó, mar mhalairt air sin féadfaidh an Rialtóir iarratas a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte d’fhonn srian a chur ar an Oibreoir sárú an Achta nó an Ceadúnais a stop, nó iallach a chur ar an Oibreoir comhoibriú leis an imscrúdú. Tá sé de chumhacht ag an Rialtóir sonraí a fhoilsiú faoi aon sárú agus faoi aon treoir.
I gcás go mbreithníonn an Rialtóir gur theip ar an Oibreoir cloí leis an treoir cuirfidh an Rialtóir in iúl don Oibreoir go bhfuil sé beartaithe aige iarratas a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte le go gcinnfí cibé acu ar tharla sárú ar an Acht nó an Ceadúnas nó nár tharla nó ar diúltaíodh comhoibriú leis an imscrúdú agus d’fhéadfadh an chúirt smachtbhanna airgeadais a ghearradh ar an Oibreoir laistigh de thréimhse 14 lá go ndéileálfaidh an Rialtóir leis an gceist. Is é €500,000 an t-uasmhéid is féidir leis na cúirteanna a ghearradh mar smachtbhanna airgeadais. I gcás go ndéanann an Rialtóir déileáil leis an gceist is é €250,000 an t-uasmhéid is féidir a ghearradh mar smachtbhanna airgeadais.
Ar leithligh uaidh sin, faoi Chuid 6 den Acht, tá sé de chumhacht ag an Rialtóir an Ceadúnas a aisghairm ar na coinníollacha seo:
- i gcás go bhfuil an Rialtóir den tuairim gur ghníomhaigh an tOibreoir ar bhealach a dhéanann damáiste abartha don Chrannchur Náisiúnta nó don Stát nó do dhea-cháil an Chrannchuir Náisiúnta nó an Stáit
- i gcás go bhfuil an Rialtóir den tuairim gur sáraíodh téarma nó coinníoll den Cheadúnas nó foráil den Acht
- I gcás gur theip ar an Oibreoir treoir ón Rialtóir a chomhlíonadh de réir mar atá sonraithe thuas
- I gcás go raibh aon fhaisnéis arna soláthar ag an Oibreoir ina iarratas nó i ndáil lena iarratas don Cheadúnas ina fhaisnéis bhréagach
- Mura bhfuil an tOibreoir ag glacadh céimeanna, nó mura bhfuil sé beartaithe aige céimeanna a thógáil, ar gá iad nó ar inmhianaithe iad chun cosc a chur ar chalaois i ndáil leis an gCrannchur Náisiúnta, nó
- Mura bhfuil aon duine atá ag bainistiú an ghnó nó aon chuid den ghnó, ina dhuine oiriúnach.
Sula ndéanfaidh an Rialtóir aisghairm ar an gCeadúnas, tabharfaidh sé tréimhse réasúnta don Oibreoir aon uiríll a dhéanamh maidir leis an aisghairm atá beartaithe. I gcás go dtarlaíonn, tar éis breithniú a dhéanamh ar uiríll, go ndéanann an Rialtóir aisghairm ar Cheadúnas an Oibreoir féadfaidh an tOibreoir an aisghairm a achomharc leis an Ard-Chúirt.