Iarratas a chur isteach ar Mhaoiniú faoin gCrannchur Náisiúnta

Ó bunaíodh é, tá an Crannchur Náisiúnta tar éis €4.5bn a bhailiú le haghaidh cúiseanna maithe. Faoin reachtaíocht seo, tá Ciste an Chrannchuir Náisiúnta bainistithe agus rialaithe ag Rialtóir an Chrannchuir Náisiúnta. Ag idirthréimhsi, a mbeartaíonn an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe orthu, íocann an Rialtóir suimeanna amach le haghaidh cúiseanna maithe isteach i gCiste Lárnach an Státchiste.

De réir Alt 41 d’Acht an Chrannchuir Náisiúnta, déantar na suimeanna seo a chur i bhfeidhm de réir mar a chinneann an Rialtas ar mhaithe leis na cuspóirí seo a leanas:

  1. Spórt agus áineas Cultúr agus oidhreacht náisiúnta (lena n-áirítear an Ghaeilge);
  2. Na healaíona (laistigh de bhrí an Achta Ealaíon 2003 );
  3. Sláinte an phobail;
  4. An óige, leas agus conláistí;
  5. An timpeallacht nádúrtha;
  6. Cuspóirí eile dá leithéid (más ann dóibh) a chinnfidh an Rialtas ó am go chéile.

Ba chóir iarratais ar mhaoiniú a dhéanamh tríd an Roinn Rialtais cuí.

Le haghaidh iarratas a bhaineann le spórt agus áineas, moltar dul i dteagmháil leis an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt (www.dttas.ie).

Le haghaidh iarratas a bhaineann leis na healaíona nó le cultúr agus oidhreacht náisiúnta (lena n-áirítear an Ghaeilge), moltar dul i dteagmháil leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta,
Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (www.ahrrga.gov.ie).

Le haghaidh iarratas a bhaineann le sláinte agus an pobal, moltar dul i dteagmháil leis an Roinn Sláinte (www.health.gov.ie).

Le haghaidh iarratas a bhaineann leis an timpeallacht nádúrtha, moltar dul i dteagmháil leis an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil (www.housing.gov.ie), nó de rogha air an Roinn Cumarsáide, Gníomhaíochta Aeráide agus Comhshaoil ​​(www.dccae.gov.ie).