Comórtas chun Ceadúnas a Bhronnadh leis an gCrannchur Náisiúnta a Reáchtáil

Idir 1987 agus 2014, bhí an Crannchur Náisiúnta á reáchtáil ag An Post National Lottery Company agus bhí sé faoi réir an Achta um Chrannchur Náisiúnta 1986.

Reáchtáladh an comórtas chun an Ceadúnas a bhronnadh leis an gCrannchur Náisiúnta a reáchtáil idir Bealtaine agus Deireadh Fómhair 2013.  An 3 Deireadh Fómhair 2013, d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go rabhthas tar éis Premier Lotteries Ireland a roghnú mar gur chomhlíon an chuideachta sin na riachtanais go léir faoi théarmaí an chomórtais agus go raibh siad tar éis an tairiscint is airde a dheanamh don Táille Cheadúnais, is é sin €405 milliún. Tharla an plé chun téarmaí an Cheadúnais a thabhairt chun críche idir an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus Premier Lotteries Ireland agus síníodh an Ceadúnas i mí Feabhra 2014. Ghlac Premier Lotteries Ireland seilbh ar reáchtáil an Chrannchuir Náisiúnta an 30 Samhain 2014.

Seo a leanas an amlíne do bhronnadh an Cheadúnais chun an Crannchur Náisiúnta a reáchtáil

  • Aibreán 2012:  D’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go rabhthas chun an comórtas a reáchtáil don chéad Cheadúnas eile don Chrannchur Náisiúnta, agus bhí gá réamhíocaíocht a dhéanamh leis an Stát.
  • Iúil 2012:  D’fhaomh an Rialtas na Mírchinn den Bhille um Chrannchur Náisiúnta.
  • Deireadh Fómhair 2012:  Ceapadh Davy Corporate Finance mar chomhairleoirí airgeadais agus tráchtála don Roinn, tar éis próiseas tairisceana.
  • Nollaig 2012: Foilsíodh an Bille um Chrannchur Náisiúnta
  • Eanáir go Bealtaine 2013:  Ritheadh an Bille um Chrannchur Náisiúnta tríd an Oireachtas agus chuir an tUachtarán a lámh leis an dlí cuí i mí Bealtaine 2013.
  • An 8 Bealtaine 2013:  D’fhógair an tAire go rabhthas ag lorg Léirithe Spéise sa phróiseas comórtais.
  • An 30 Bealtaine 2013:  D’fhógair an tAire gur seoladh an Próiseas Comórtais ina iomláine.
  • An 3 Deireadh Fómhair 2013: D’fhógair an tAire gur roghnaíodh Premier Lotteries Ireland.
  • An 27 Feabhra 2014: Bhronn an tAire Ceadúnais an Chrannchuir ar Premier Lotteries Ireland.
  • An 30 Samhain 2014: Ghlac Premier Lotteries Ireland seilbh ar reáchtáil an Chrannchuir Náisiúnta.