Rialáil an Chrannchuir Náisiúnta

regulation-image

Feidhmíonn an Crannchur Náisiúnta faoin Acht um Chrannchur Náisiúnta 2013 agus faoin gCeadúnas chun an Crannchur Náisiúnta a reáchtáil.

Feidhmeanna an Rialtóra

Tá feidhmeanna an Rialtóra sonraithe sna Acht agus áirítear ina measc iad seo a leanas:

  • Sealúchas an Chrannchuir Náisiúnta a fháil
  • Monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Chrannchuir Náisiúnta agus Monatóireacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar ghéilliúlacht don Acht agus Ceadúnú a dhéanamh ar fheidhmiú an Chrannchuir Náisiúnta
  • Breithniú a dhéanamh ar fhaomhadh nithe áirithe a bhaineann leis an gCrannchur Náisiúnta (lena n-áirítear scéimeanna do chluichí an Chrannchuir Náisiúnta)
  • Bainistiú agus rialú a dhéanamh ar Chiste an Chrannchuir Náisiúnta.

Le haghaidh sonraí iomlána tagair don Acht.

Déanann an Rialtóir na feidhmeanna seo a chomhlíonadh sa chaoi is gur dócha go gcinnteofar –

  1. go ndéanfar an Crannchur Náisiúnta a reáchtáil go cuí,
  1. go ndéanfar leasa rannpháirtithe an Chrannchuir Náisiúnta a chosaint,
  2. go ndéanfar inbhuanaitheacht fhadtéarmach an Chrannchuir Náisiúnta a chosaint, agus

faoi réir 1) go 3), a chinntiú go ndéanfar an méid is mó ioncaim agus is féidir, ar ioncam é a leithdháiltear ar an Státchiste le caitheamh ar mhaithe leis na críocha dá bhforáiltear san Acht (Cúiseanna Maithe), faoi réir théarmaí an Cheadúnais.

Cóid Chleachtais

Faoi Alt 28 den Acht tá sé de cheangal ar an Rialtóir cóid chleachtais a fhoilsiú faoin gCeadúnas. Lean na naisc thíos le do thoil le haghaidh tuilleadh eolais:

Cód Cleachtais maidir le Díolacháin

Cód Cleachtais maidir le Rannpháirtithe

Cód Cleachtais maidir le Fógraíocht agus Promóisin