Is é Premier Lotteries Ireland (PLI) sealbhóir reatha an cheadúnais don Chrannchur Náisiúnta agus tá nasc chuig a shuíomh gréasáin anseo (https://www.lottery.ie/Home). Féadtar teacht ar chóip den Cheadúnas anseo.
Tá sé de cheangal ar PLI cloí go hiomlán leis an Acht um Chrannchur Náisiúnta 2013 agus leis an gCeadúnas. Déanann an Rialtóir maoirseacht ghníomhach chun a chinntiú go bhfuil PLI ag cloí go hiomlán lena oibleagáidí de réir mar atá sonraithe sa rannóg Rialáil an Chrannchuir Náisiúnta den suíomh gréasáin seo.
De bhreis air sin, tá sé de cheangal ar PLI deimhniú a bhaint amach de réir an Deimhniúcháin maidir le Cearrbhachas Freagrach ar a laghad ag Leibhéal 4 de réir chaighdeáin World Lotteries Association (“WLA”) nó Deimhniúcháin maidir le Cearrbhachas Freagrach de réir European Responsible Gaming Standards of European Lotteries (“EL”).
Tá sonraí maidir leis na caighdeáin sin le fáil ag na naisc seo a leanas: