Ceisteanna Coitianta

1 – Cé bhaineann sochar as an gCrannchur Náisiúnta?

Déantar iomlán an airgid a fhaightear ón gCrannchur Náisiúnta a leithdháileadh mar seo a leanas:

  • Leithdháiltear ar a laghad 50% d’iomlán an airgid a faightear ón gCrannchur Náisiúnta mar dhuaiseanna.
  • Déantar 65% den difríocht idir méid an airgid a fhaightear agus an méid a mheastar a íocfar amach mar dhuaiseanna a leithdháileadh ar chúiseanna maithe.
  • Déantar tuairim is €1.5 milliún a leithdháileadh ar an Rialtóir i ndáil leis an tobhach bliantúil.
  • Déantar an difríocht a íoc leis na Oibreoir agus cistíonn sé sin costais an Oibreora as an gCrannchur Náisiúnta a reáchtáil chomh maith le haon bhrabúis.

2 – Cé a dhéanann an Crannchur Náisiúnta a reáchtáil?

Bronnadh an ceadúnas ar Premier Lotteries Ireland (PLI) chun an Crannchur Náisiúnta a reáchtáil ar feadh tréimhse 20 bliain ón 30 Samhain 2014. Is cuideachta phríobháideach é PLI atá cláraithe in Éirinn agus an t-aon chuspóir amháin atá  aige ná Crannchur Náisiúnta na hÉireann a reáchtáil. Baineann an chuideachta le cuibhreannas atá comhdhéanta de Ontario Teachers’ Pension Plan, An Post agus Plean Pinsean An Post.

3 – Céard a dhéanann Oifig Rialtóir an Chrannchuir Náisiúnta (RNL)?

Tá feidhmeanna an Rialtóra sonraithe anseo thíos.

4 – Conas gearán a dhéanamh faoin gCrannchur Náisiúnta?

  • Tá nós imeachta géaráin faoin gCrannchur Náisiúnta sonraithe sa cháipéis anseo agus i gCód Cleachtais an Pháirtitheora atá ar fáil anseo.
    agus i gCód Cleachtais an Pháirtitheora atá ar fáil anseo.
  • Féadtar teagmháil a dhéanamh leis an Rialtóir anseo freisin.

5 – Cá bhfuil rialacha faoi chluichí an Chrannchuir Náisiúnta ar fáil?

  • Féadtar teacht ar rialacha faoi chluichí an chrannchuir ag www.lottery.ie

6 – Conas a dhéantar airgead duaiseanna a leithdháileadh?

Déantar ar a laghad 50% de dhíolacháin ó thicéid agus scrabhchártaí an Chrannchuir Náisiúnta a íoc amach mar airgead duaiseanna. Féadtar sonraí faoin leithdháileadh measta a fháil i measc rialacha an chluiche ag www.lottery.ie .

Tá eolas sonrach faoi gach cluiche den Chrannchur Náisiúnta le fáil ag: https://www.lottery.ie/game-info-lobby. Chomh maith leis sin, tá naisc chuig cáipéisí (e.g. rialacha an chluiche) ina bhfuil miondealú de réir céatadáin ar an airgead duaiseanna do gach catagóir duaise agus an corrlach maidir le duaiseanna a bhuachan, ar fáil ar an suíomh gréasáin seo.