Féadtar gearáin i ndáil leis an gCrannchur Náisiúnta a atreorú chuig oibreoir an Chrannchuir Náisiúnta, Premier Lotteries Ireland (PLI). Féadtar teacht ar shonraí phróiseas gearáin PLI i gCód Cleachtais na Rannpháirtithe atá ar fáil anseo.
Féadfaidh aon duine ar mian leis nó léi é gearán a dhéanamh le RNL. Breithneoidh an Rialtóir an gearán ón dearcadh rialála de agus cinnfidh cibé acu an raibh aon sárú an ar an Acht um Chrannchur Náisiúnta nó ar Cheadúnas Oibrithe an Chrannchuir Náisiúnta ann nó nach raibh. Ní féidir le RNL tionchar a imirt ar chinneadh nó an cinneadh sin a athrú, ar cinneadh é a thagann laistigh de shainchúram PLI ach amháin a chinntiú go bhfuil PLI ag cloí le forálacha an Achta agus an Cheadúnais.
I gcás gur mhaith le rannpháirtí gearán a dhéanamh le RNL ní mór é sin a dhéanamh i scríbhinn (tríd an ríomhphost chuig info@rnl.ie nó chuig an seoladh ar ár leathanach Déan Teagmháil Linn) le sonraí iomlána an ghearáin san áireamh agus ag toiliú a sonraí pearsanta agus a ngearán a scaoileadh le PLI. Caitheann RNL le gach gearán faoi rún agus ní dhéanfar sonraí aon ghearáin a nochtadh ach amháin más gá é sin a dhéanamh de réir dlí. Tar éis dóibh gearán a fháil, breithneoidh RNL cibé acu an bhfuil aon saincheisteanna rialála ag eascairt as an ngearán nó nach bhfuil. I gcás go mbreithneoidh RNL go bhfuil saincheisteanna rialála ag eascairt as déanfaidh sé imscrúdú breise ar an gceist, agus iarrfar ar PLI aighneacht a dhéanamh. Tar éis breithniú a dhéanamh ar na saincheisteanna iomchuí (ag brath ar chastacht na ceiste, d’fhéadfadh seo roinnt mhaith ama a thógáil), cuirfidh RNL comhairle ar an ngearánach cibé acu:
- an bhfuil RNL den tuairim nó nach bhfuil gur sárú ar an Acht nó ar an gCeadúnas ábhar an ghearáin seo
- an molfaidh PLI dul i ngleic hábhar ghearán an ghearánaigh; nó
- an bhfuil RNL chun leanúint le himscrúdú an ghearáin.
Ní théann ceart an rannpháirtí gearán a dhéanamh i gcoinne PLI i bhfeidhm ar a cheart sásamh a lorg ó na cúirteanna ar an ngnáthbhealach. I gcás go bhfuil tú míshásta leis an mbealach inar dhéileáil RNL le do ghearán, tagair don leathanach Cairt Chustaiméirí le haghaidh tuilleadh eolais.
Má bhíonn cúnamh ag teastáil ó dhuine chun gearán a dhéanamh, féadfaidh sé nó sí teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Rochtana a chabhróidh leo, a mhéid is féidir, lena ngearán a dhéanamh.
Is í Mary McNabola an tOifigeach Rochtana agus is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag marymcnabola@rnl.ie nó ag 01-872-7932