Cosaint ar Leas na Rannpháirtithe
Faoi Acht an Chrannchuir Náisiúnta, (Alt 1, 9 [2] [b]), tá sé ar cheann de chuspóirí an Rialtóra leasa rannpháirtithe an Chrannchuir Náisiúnta a chosaint. Ag eascairt ón gcuspóir seo, díríonn an Rialtóir ar imirt fhadhbach a chosc nó a íoslaghdú.
Aithníonn Rialtóir an Chrannchuir Náisiúnta, cé gur mar spraoi a dhéanann formhór na ndaoine an crannchur náisiúnta a imirt, tá grúpaí nó daoine áirithe atá leochaileach don imirt fhadhbach. Aithníonn RNL go bhfuil gnéithe áirithe de chluichí, pátrúin imeartha agus timpeallacht imeartha ar féidir leo cur go mór le rioscaí ón imirt, go háirithe grúpaí áirithe imreoirí.
Ar cheann de na príomhaidhmeanna ó thaobh daoine a chosaint ó imirt fhadhbach tá cosc agus íoslaghdú a dheanamh trí mheán na monatóireachta agus trí mheasúnú a dhéanamh ar ghnéithe struchtúracha na gcluichí agus na timpeallachta imeartha don daonra ginearálta imreoirí, ag díriú go sonrach orthu seo:
- Imreoirí faoi aois: chun críocha an Chrannchuir Náisiúnta, an sainmhíniú ar imreoir faoi aois ná duine faoi bhun 18 mbliana d’aois;
- Imreoirí leochaileacha, is é sin daoine atá claonta d’iompraíocht sháraitheach nó d’imirt fhadhbach ar chúiseanna bithshíceasóisialta.
Déanann an Rialtóir deimhin de go leanann oibreoir an Chrannchuir Náisiúnta na cleachtais maidir le cluichíocht fhreagrach, go bhfuil na cluichí cóir cothrom, go bhfuil an t-eolas a chuirtear ar fáil trédhearcach, inrochtana agus nach ndéanann sé daoine a mhíthreorú, agus nach dócha go spreagfaidh sé imirt faoi aois nó imirt fhadhbach. Dá réir sin, is gá faomhadh an Rialtóra a fháil le haghaidh gach cluiche nua, rialacha cluichí, cóid chleachtais agus aon mhionathruithe ar na cluichí. De bhreis air sin, is gá don mhargaíocht agus don fhógraíocht a bheith ag cloí leis na Cóid Chleachtais maidir le Cumarsáid Mhargaíochta, Fógraíocht, Promóisin agus Caidreamh Poiblí agus leis na caighdeáin rialaithe fógraíochta a bhfuil glacadh leo sa Stát.
Baintear amach an aidhm cosc a chur le himirt fhadhbach ach anailís dhian a dhéanamh ar iarratais faofa cluichí, athbhreithnithe ar nósanna imeachta agus díolacháin/timpeallachtaí imeartha atá i gcoinne fhorálacha an Achta agus an Cheadúnais, agus trí thaighde a dhéanamh ar phróisis agus cleachtais, agus na próisis agus cleachtais sin a thabhairt faoi deara, ar léiríodh gur éirigh leo an baol sin a chosc nó a íoslaghdú.
Tá an Rialtóir tiomanta de Crannchur sábháilte spraoiúil a reáchtáil do gach rannpháirtí le rialacha agus nósanna imeachta atá cóir cothrom le haghaidh gach cluiche agus le bearta iomchuí i bhfeidhm chun cosc a chur le himirt faoi aois agus imirt fhadhbach.
Eolas Imreoir
- An Oibreora Responsible Play
- An Oibreora Cód Cleachtais na Rannpháirtithe
- Problem Gambling Ireland