Cad is Nochtadh Cosanta ann?
Sainmhínítear nochtadh cosanta in Acht 2014 mar nochtadh faisnéise ar gnách leis, i gcreideamh réasúnach an oibrí, éagóir ábhartha amháin nó níos mó a thaispeáint, a tháinig faoi aird an oibrí i dtaca le fostaíocht an oibrí agus a nochtar ar an modh a leagtar amach in Acht 2014. Uaireanta tugtar “sceithireacht” ar nochtadh cosanta a dhéanamh.
Raon Feidhme
Forordaítear Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta le hIonstraim Reachtúil Uimh. 367 de 2020 - An tAcht um Nochtadh Cosanta 2014 (Nochtadh do Dhaoine Forordaithe) 2020 chun nochtuithe cosanta a fháil faoin Acht um Nochtadh Cosanta 2014 (“Acht 2014”) ó oibrithe seachtracha nach oibrithe RNL iad.
Conas nochtadh cosanta a dhéanamh le Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta (RNL)
Chun nochtadh cosanta a dhéanamh don RNL, ní mór d’oibrí a chreidiúint go réasúnach go bhfuil an fhaisnéis arna nochtadh, agus aon líomhaintí atá ann, fíor i ndáiríre agus go bhfuil baint ag an éagóir ábhartha le comhlíonadh oibreoir an Chrannchuir Náisiúnta leis an Acht um Chrannchur Náisiúnta 2013 (Uimh. 13 de 2013) agus téarmaí agus coinníollacha an cheadúnais a deonaíodh don oibreoir.
Caithfear an fhaisnéis a nochtadh ar an modh a leagtar amach in Acht 2014 agus ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas sa nochtadh:
- Ainm agus sonraí teagmhála (glactar le nochtadh gan ainm agus fiosrófar iad a mhéid is féidir).
- Iarraidh ar rúndacht (más mian leat).
- Ráiteas go bhfuil an nochtadh á dhéanamh faoin Acht um Nochtadh Cosanta 2014.
- Ainm aon eagraíochta atá i gceist.
- Tuairisc mhionsonraithe agus an oiread faisnéise agus is féidir a bhaineann leis an éagóir arna líomhain, lena n-áirítear dátaí, má tá sé fós ar siúl, cibé ar nochtadh í roimhe seo agus aon fhianaise a chuideodh leis an nochtadh a mheas.
Glacfar go dáiríre le gach nochtadh a gheofar agus tabharfar aghaidh air go cuí.
Is féidir nochtuithe cosanta a chur faoi bhráid an ORNL ag an seoladh seo:
Rúnda - An Rannóg Dlí agus Comhlíontachta AMHÁIN
Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta
Bloc D
Ionad Irish Life
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Baile Átha Cliath 1
D01 W2H4
Teil: (01) 872 7932
Tuarascálacha Bliantúla um Nochtadh Cosanta
Ceanglaítear le halt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014 go bhfoilseofar tuarascáil gach bliain a bhaineann le líon na nochtuithe cosanta a rinneadh an bhliain roimhe sin agus le haon ghníomhartha a rinneadh mar fhreagairt ar nochtadh den sórt sin. Is féidir tuairiscí bliantúla Nochtadh Cosanta a fháil anseo.
Gealltanas ó Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta
Tá an RNL tiomanta do na caighdeáin is airde is féidir maidir le hoscailteacht, ionracas agus cuntasacht. Tá sé de dhualgas ar an RNL a ghnóthaí a sheoladh le cuibheas agus tá raon leathan nósanna imeachta agus cóid chleachtais curtha i bhfeidhm aige chun a ghealltanais a chomhlíonadh agus chun míchleachtas, mí-úsáid agus/nó éagóir a chosc. Tá an RNL ag súil go dtiocfaidh nochtóirí a bhfuil imní bona fide orthu faoi mhíchleachtas den sórt sin chun cinn agus na hábhair imní sin a chur in iúl, gan eagla roimh dhíoltas.