Eascraíonn Fís, Misean agus Luachanna Rialtóir an Chrannchuir Náisiúnta ón Acht um Chrannchur Náisiúnta agus ó luachanna na hearnála poiblí mar atá sonraithe anseo thíos:
Fís
Crannchur sábháilte, inbhuanaithe, atá reáchtáilte i gceart a chur ar fáil ar mhaithe leis na torthaí is fearr a bhaint amach do chúiseanna maithe.
Misean
Is é misean an Rialálaí é seo a bhaint amach tríd and méid seo a leanas a dhéanamh:
- Oibríochtaí an Chrannchuir Náisiúnta a mhaoirsiú agus comhlíonadh mar a éilítear a chur i bhfeidhm
- Moltaí ón Oibreoir a bhreithniú agus iad a fhaomhadh de réir mar is cuí
- Ciste an Chrannchuir Náisiúnta a bhainistiú agus a rialú
- Cearta forfheidhmithe trádmharcanna an Chrannchuir Náisiúnta a chur i bhfeidhm
- A chinntiú go nglactar le dea-chleachtas i rialachas i mbainistíocht agus rialachas na hOifige
Luachanna an Rialálaí
Is iad na luachanna atá againn maidir leis an obair seo a bhaint amach:
Caomhnóireacht: gníomhú ar mhaithe le leas an phobail le hionracas
Neamhspleáchas: a bheith oibiachtúil agus neamhchlaonta
Trédhearcacht: inár gcinnteoireacht agus inár gcumarsáid
Cuntasacht: sinn féin agus daoine eile a choinneáil cuntasach
Gairmiúlacht: ardchaighdeáin chomhsheasmhacha iompair, inniúlachta agus chúirtéise Ag Meas ár nDaoine: meas agus tacaíocht a thabhairt dár ndaoine Dírithe ar an Todhchaí: eolas, scileanna agus taithí atá ag teacht chun cinn a nuáil agus a chur i bhfeidhm