Carol Boate – Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta
Tacadóir agus cleachtóir is ea Ms Boate ar rialú níos fearr chun leasa tomhaltóirí agus an gheilleagair. Tá B.A. aici in Eacnamaíocht ó Choláiste na Trionóide agus M.Sc. In Eacnamaíocht ó Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath chomh maith le teastais iarchéime i nDlí na hIomaíochta agus Rialachas Rialála AE. Sular ceapadh í mar Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta ba Stiúrthóir í Ms. Boate ar Sheirbhísí Corparaideacha agus roimhe sin Stiúrthóir i Rialachas agus Rannpháirtíocht Ghnó ag an gCoimisiúin um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí. Roimhe sin d’oibrigh sí ag an Údarás Iomaíochta go príomhúil i réimsí cumasc rialála agus eadálacha agus ag tacú le hathruithe ar dhlíte agus rialúcháin a chuireann bac le hiomaíocht éifeachtach.
Derek Donohoe – Leas-Rialtóir agus Ceann ar an Aonad Iniúchóireachta agus Airgeadais
Tá an tUasal Donohoe ina Chomhalta ar Chuntasóirí Cairte Éireann agus tá Dioplóma aige sa Chuntasaíocht Fhóiréinseach. Tá breis is 30 bliain de thaithí aige i gcúrsaí cuntasaíochta agus iniúchóireachta. Bhí sé ina pháirtnéir i gcleachtas mór cuntasaíochta in Éirinn agus tá taithí shuntasach aige i réimsí a bhaineann le hiniúchóireacht, tuairisciú airgeadas, cuntasaíocht fhóiréinseach, rialachas corparáideach, géilliúlacht agus athbhreithnithe sa dícheall cuí. Chuir sé seirbhísí iniúchóireachta agus géilliúlachta ar fáil do raon aonán rialáilte san earnáil airgeadais ar feadh na mblianta.
Cliceáil anseo chun ár gCairt Eagrúcháin a fheiceáil