Cad is Saoráil Faisnéise ann (SF)?
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 tá na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine:
- An ceart rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla atá ag Ranna Rialtais agus gach comhlacht poiblí a chloíonn le forálacha Acht 6 den Acht;
- An ceart go ndéanfaí faisnéis phearsanta fúthu a cheartú nó a uasdátú i gcás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach; agus
- An ceart go dtabharfaí cúiseanna le haghaidh cinntí a rinne comhlachtaí poiblí a chuaigh i bhfeidhm orthu.
Ciallaíonn na cearta seo gur féidir le daoine, ón 21 Aibreán 1998, rochtain a lorg ar fhaisnéis phearsanta arna coinneáil maidir leo is cuma cathain a cruthaíodh an fhaisnéis sin agus ar thaifid eile a cruthaíodh tar éis an 21 Aibreán 1998.
Conas a oibríonn SF?
Éilíonn an tAcht SF go bhfreagródh Rialtóir an Chrannchuir Náisiúnta d’iarratais ón bpobal le haghaidh faisnéise atá i seilbh na gcomhlachtaí sin. I bhformhór na gcásanna, is gá do na comhlachtaí poiblí a gcinneadh a thabhairt maidir leis an iarratas laistigh de 4 seachtaine ó fháil an iarratais sin.
Conas is féidir liom Iarratas SF a dhéanamh le Rialtóir an Chrannchuir Náisiúnta?
Ba chóir duit iarratas a chur (i scríbhinn nó tríd an ríomhphost) chuig an Oifigeach um Shaoráil Faisnéise ag:
Bloc D, Irish Life Centre
Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1
Éirchód: D01 W2H4
Teil: +353 (1) 8727932
Ríomhphost: foi@rnl.ie
Ba chóir go n-áireofaí na nithe seo a leanas i d’iarratas:
- Ráiteas ag cur in iúl go bhfuil iarratas á dhéanamh agat faoin Acht um SF;
- A mhéid eolais agus is féidir faoi na taifid atá á lorg;
- An fhormaid ina bhfuil na taifid atá á iarraidh agat (e.g. fótachóipeanna).
Nó d’fhéadfá Foirm SF RNL a íoslódáil agus a chur chuig Oifig Rialtóir an Chrannchuir Náisiúnta ag an seoladh thuas. Tabharfar freagra ort ar dháta nach déanaí ná 4 seachtaine ó fháil an Iarratais.
Tá Oifigeach Rochtana an RNL ar fáil chun cúnamh a thabhairt d’aon duine faoi mhíchumas a gcearta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a fheidhmiú.
Is í Mary McNabola an tOifigeach Rochtana agus is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag marymcnabola@rnl.ie nó ag 01-872-7932
An féidir liom rochtain a fháil ar gach faisnéis a lorgaím?
Tagann na taifid seo a leanas faoi raon an Achta um SF:
- Gach taifead a bhaineann le heolas pearsanta arna gcoinneáil ag RNL is cuma cathain a cruthaíodh é.
- Gach taifead eile a cruthaíodh ó thosach feidhme an Achta um SF (an 21 Aibreán 1998).
- Gach taifead is gá chun tuiscint a fháil ar an taifead reatha má cruthaíodh iad roimh an 21 Aibreán 1998.
- Taifid a bhaineann le pearsanra atá ag fónamh a cruthaíodh ón 21 Aibreán 1995 i leith agus taifid a cruthaíodh roimh an dáta sin i gcás gur baineadh úsáid astu nó a raibh sé beartaithe úsáid a bhaint astu ar bhealach atá ag dul i bhfeidhm go neamhfhabhrach nó a bhféadfadh sé dul i bhfeidhm go neamhfhabhrach ar an té i gceist.
Cibé scéal é, ionas go mbeifear in ann gnó na hoifige a reáchtáil i gceart, uaireanta beidh gá díolúine a fháil ó thaobh scaoileadh cineálacha áirithe faisnéis i roinnt cúinsí. Tá siadsan sonraithe san Acht um SF. I measc na bpríomhdhíolúintí tá taifid a bhaineann leo seo a leanas:
- Cruinnithe rialtais,
- Forghníomhú an dlí agus slándáil,
- Faisnéis rúnda agus faisnéis a bhfuil íogaire tráchtála ag baint léi,
- Taifid nach bhfuil i seilbh comhlacht poiblí,
- Faisnéis phearsanta (seachas faisnéis a bhaineann leis an té atá ag déanamh an iarratais).
Féadtar diúltú d’iarratais freisin i gcás go meastar iad a bheidh róthoirtiúil nó neamhshoiléir, ach tá dualgas ar RNL cuidiú leis an iarratasóir é sin a shárú.
An ngearrtar táille as faisnéis a fháil faoin Acht um SF?
Ní ghearrtar aon táille ar iarratas a chur isteach. I ndáil le hiarratais neamhphearsanta, féadfaidh feidhm a bheith ag táillí eile don am a chaitear ag lorg na dtaifead agus d’aon chostas atáirgeachta a thabhódh RNL agus an t-ábhar a lorgaíodh a chur ar fáil (táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála). I gcás gur lú costas an chuardaigh, na haisghabhála agus na cóipeála ná €101, ní ghearrfar aon táille. I gur mó costas an chuardaigh, na haisghabhála agus na cóipeála ná €500 ach gur lú é ná €700, gearrfar táille uasta de €500. I gur mó costas an chuardaigh, na haisghabhála agus na cóipeála ná €500, ach gur lú é ná €700, féadfaidh RNL diúltú an t-iarratas a phróiseáil. Cuirfear sonraí beachta na dtáillí a bhaineann le d’iarratas chugat i scríbhinn. Ba chóir íocaíocht a dhéanamh trí Ríomhaistriú Airgid. Téigh i dteagmháil le RNL le haghaidh na sonraí bainc. Tá liosta na dtáillí iomchuí sonraithe thíos:
Liosta na dTáillí
- Ní ghearrtar aon táille as iarratas a dhéanamh,
- Cuardach agus Aisghabháil – €20.00 in aghaidh na huaire (le haghaidh iarratais a sháraíonn an t-íosmhéid de €100.00 ó thaobh cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála de), faoi réir uasteorann arna sonrú thuas,
- €0.04 in aghaidh na bileoige d’fhótachóipeáil,
- Táille d’athbhreithniú inmheánach €30.00 (€10.00 do dhaoine a bhfuil cárta leighis acu),
- Achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise €50.00 (€15.00 do dhaoine a bhfuil cárta leighis acu).
Nótaí Eolais:
- Ní ghearrtar aon táille i gcás nach bhfuil sna taifid atá á lorg ach faisnéis phearsanta i ndáil leis an iarratasóir, mura bhfuil líon suntasach taifead ann.
- I gcás go bhfuil tú ag éileamh táille laghdaithe iarratais, is gá duit uimhir chláraithe do chárta leighis a chur isteach le d’iarratas, chomh maith le hainm an Bhoird Sláinte a d’eisigh an cárta agus do thoiliú féin go ndéanfaí na sonraí sin a fhíordheimhniú leis an mBord Sláinte.
- Tá liosta iomlán na dtáillí ar fáil ach é a lorg.
Cad a tharlaíonn mura bhfuilim sásta leis an gcinneadh faoin iarratas SF?
Tá sé de cheart ag daoine athbhreithniú inmheánach a lorg má dhiúltaítear dá n’iarratas SF. Féadfaidh tú an cinneadh a achomharc laistigh de thréimhse sé mhí chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Má dhéanann tú achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise déanfar imscrúdú agus breithniú iomlán ar do chás agus eiseofar cinneadh nua. Ba chóir gach achomharc a chur chuig:
An Coimisinéir Faisnéise,
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353 (1) 639 5689
Lóghlao: 1890 22 30 30
Facs: +353 (1) 639 5674
Ríomhphost: info@oic.ie
Féadfar táille de €50 (€15 do dhaoine a bhfuil cárta leighis acu) a ghearradh d’iarratas dá leithéid. Arís, ní ghearrtar aon táille d’achomhairc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise i ndáil le hiarratas ar fhaisnéis phearsanta amháin i ndáil leis an duine féin nó i ndáil le cinneadh táille nó éarlais a ghearradh.
Cén áit ar féidir liom teacht ar fhaisnéis SF?
An Coimisinéir Faisnéise,
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2
Teil: +353 (1) 639 5689
Lóghlao: 1890 253 238
Facs: +353 (1) 639 5674
Ríomhphost: info@oic.gov.ie
Tá eolas níos cuimsithí le fáil faoi Shaoráil Faisnéise, lena n-áirítear téacs an Achta um SF, ag www.foi.gov.ie.