Eolas Comhshaoil

Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol (A.I.E.)

Faoi Threoir 2003/4/EC ó Pharlaimint na hEorpa a thug éifeacht do na Rialacháin ón gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol) 2007-2014 (na Rialacháin A.I.E.) tá gach duine sa Stát i dteideal rochtain a fháil ar eolas faoin gcomhshaol ar eolas é atá i seilbh comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear RNL. Cuimsíonn an Treoir eolas arna choinneáil ag RNL i scríbhinn, i bhformáid físe, béil, leictreonach nó in aon fhormáid ábhartha eile a bhaineann le cúrsaí comhshaoil.

Conas Iarratas a Dhéanamh chun Eolas faoin gComhshaol a fháil:

Más mian leat rochtain a fháil ar eolas faoin gcomhshaol atá i seilbh RNL cuir d’iarratas isteach i scríbhinn nó i bhformáid leictreonach agus luaigh ar an iarratas go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh agat faoin na Rialacháin ón gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Eolas faoin gComhshaol) 2007-2014. Cuir do shonraí teagmhála ar fáil le do thoil lena n-áirítear uimhir theileafóin más féidir agus luaigh, ar bhealach chomh sonrach agus is féidir leat é, an t-eolas comhshaoil agus an fhormáid agus an chaoi a bhfuil an t-eolas sin ag teastáil uait.

Ba chóir iarratais a chur chuig

An tOifigeach Comhshaoil
Rialtóir an Chrannchuir Náisiúnta
Bloc D, Irish Life Centre
Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1
D01 W2H4

Nó tríd an ríomhphost chuig info@rnl.ie

Ní ghearrtar aon táille as iarratas AIE a dhéanamh.

Ceart chun Achomhairc:

Má dhiúltaítear d’iarratas, i bpáirt nó ina iomláine, nó i gcás nach ndéileáiltear i gceart leis ar bhealach éigin eile, féadtar athbhreithniú inmheánach a lorg ar dháta nach déanaí ná aon mhí tar éis dháta an fhógra a fháil faoin gcinneadh bunaigh. Chun athbhreithniú inmheánach a lorg, scríobh chuig:

An Bainisteoir Gnóthaí Corparáideacha
Rialtóir an Chrannchuir Náisiúnta
Bloc D, Irish Life Centre
Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1
D01 W2H4

Ní ghearrtar aon táille ar iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach.

Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh, tá ceart eile achomhairc agat chuig

Oifig an Choimisinéara um Eolas faoin gComhshaol
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Tá táille €50 ar achomharc a chur faoi bhráid an Choimisinéara um Eolas faoin gComhshaol. Tá táille laghdaithe i bhfeidhm, de €15, do dhaoine a bhfuil cárta leighis acu.

Séanadh/Nóta Eolais : Tabhair faoi deara go bhféadfadh comhlachtaí poiblí iarratais AIE a dhiúltú ar fhorais éigeantacha áirithe (eolas pearsanta/eolas tríú páirtí) nó ar fhorais lánroghnacha (rúndacht tráchtála etc.).

Naisc chuig suíomhanna nó cáipéisí bainteacha: