Cairt Chustaiméirí

Tá Oifig Rialtóir an Chrannchuir Náisiúnta (RNL) tiomanta de caighdeán ard seirbhíse a sholáthar d’aon bhall den phobal a théann i dteagmháil leis an oifig.

Tá cur síos sonrach ar ár ndíograis i leith na seirbhíse do chustaiméirí le fáil inár Cairt Chustaiméirí agus plean gníomhaíochta 2021-2023.

Sa cháipéis seo tá eolas faoi leibhéal na seirbhíse ar féidir leat a bheith ag súil leis ó RNL i gcás go dtéann tú i dteagmháil linn ar an teileafón nó i scríbhinn. Chomh maith leis sin, tá eolas ann faoin tseirbhís coinní a chuirimid ar fáil.

Mura bhfuil tú sásta leis an tseirbhís a fhaigheann tú ó RNL, tá sonraí sa cháipéis seo faoin nós imeachta gearáin atá ar fáil lena n-áirítear conas dul i dteagmháil leis an Ombudsman.

Chomh maith leis sin, tá eolas sa cháipéis seo faoi conas iarratas Saorála Faisnéise a sheoladh nó conas aiseolas a thabhairt do RNL faoin gcaoi ar chaitheamar leatsa.