Is oifig rialála neamhspleách í Oifig Rialtóir an Chrannchuir Náisiúnta (RNL) arna bunú le reacht agus tá ról na hOifige sonraithe san Acht um Chrannchur Náisiúnta 2013.
Feidhmeanna an Rialtóra
Tá feidhmeanna an Rialtóra sonraithe sna Acht agus áirítear ina measc iad seo a leanas:
- Sealúchas an Chrannchuir Náisiúnta a fháil
- Monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Chrannchuir Náisiúnta agus Monatóireacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar ghéilliúlacht don Acht agus Ceadúnú a dhéanamh ar fheidhmiú an Chrannchuir Náisiúnta
- Breithniú a dhéanamh ar fhaomhadh nithe áirithe a bhaineann leis an gCrannchur Náisiúnta (lena n-áirítear scéimeanna do chluichí an Chrannchuir Náisiúnta)
- Bainistiú agus rialú a dhéanamh ar Chiste an Chrannchuir Náisiúnta.
Le haghaidh sonraí iomlána tagair don Acht.
Déanann an Rialtóir na feidhmeanna seo a chomhlíonadh sa chaoi is gur dócha go gcinnteofar –
- go ndéanfar an Crannchur Náisiúnta a reáchtáil go cuí,
- go ndéanfar leasa rannpháirtithe an Chrannchuir Náisiúnta a chosaint,
- go ndéanfar inbhuanaitheacht fhadtéarmach an Chrannchuir Náisiúnta a chosaint, agus
Faoi réir a) go c), go gcinnteofar go ndéanfar an méid agus is féidir d’ioncam an Chrannchuir Náisiúnta a chur ar fáil ar mhaithe le Cúiseanna Maithe.
Tá an Rialtóir freagrach freisin as bainistiú agus rialú a dhéanamh ar Chiste an Chrannchuir Náisiúnta.